Cáit ar ghabhadar Gaoidhil?
créad díol na ndrong bhforbhfaoilidh?
ní fhoghbhuim a n-amhorc sin
a radharc ghormfhuinn Gaoidhil.
Ní fhaicim an ndroing ndearcghlais
um dhromchluibh dhionn n-oireachtais,
a ccongháir ní claisdear leam
ag taisdeal orláir Éireann.
Iongnadh leam créad a ccor-san,
laoich na longphort solusghlan;
fuaras bruidhne Banbha Cuinn,
buidhne a h-adhbha s ní fhaghuim.
Do sgarsat linn leath ar leath,
óig Laighean, laochraidh Mhuimhneach,
tréad fraochlann mhuighe Meadhbha
s cuire saorchlann seinEamhna.
Ní briochd síodhuidhe seanta,
ní ceó doilbhthe draoidheachta
do léircheil oirne ré h-eadh
na roighne ó ghléithreibh Ghaoidheal.
Measa mar tharla, truagh leam
foireann chumhdaigh chláir Raoileann,
meic ríogh ó bhionnardthoigh Bhreagh,
ionnarbthoigh dhíobh do dhéineamh.
Do cuireadh coinnmheadh fairsing
ortha ó Éirinn soluisslim:
tighe ríogh na ttíreadh thoir
do shíol Míleadh do mhúntoir.
Atá againn na n-ionadh
dírim uaibhreach eisiodhan
d´fhuil Ghall, do ghasraidh Mhonaidh,
Saxoin ann is Albonaigh.
Roinnid í eatorra féin,
an chríoch-sa chloinne saoirNéill,
gan phoinn do mhoigh lachtmhair Fhloinn
nach bhfoil na acraibh agoinn.
D´iath Banbha is baramhuil soin -
clár óir fá fhoirinn tacoir;
ar bhfearoinn-ne fríth ré seal
do dhíth gealfhoirne Gaoidheal.
Cóir a ttuiriomh - tarrthaidh sinn
iomlaoid éaxamhla ar Éirinn,
n a mbiadh iongnadh riamh roimhe
fa fhiadh lionnghlan Laoghoire.
Tarramar - trom an pudhar -
puirt oireachais d´fhásughadh,
na torchoirthe ag searg a sreibh,
dorchfhoithre sealg na sráidibh.
Coimhthionól tuatha a ttigh naomh,
seirbhís Dé fá dhíon bhfionnchraobh,
cuilt chliar na ccolcaidh tána,
sliabh na gortoibh gabhála.
Aonuighe a n-áitibh sealga,
sealga ar slighthibh suaitheanda,
creasa tar fhaithche d´fhál air,
gan dál ghraifne fá a ngruadhaibh.
Bánaighid bruidhne flaithfhear,
tógbhaid le tréan n-anfhlaitheadh
líne lios bhfrosuaidneach bhfionn
um shlios n-osuaigneach nÉirionn.
Ní fhaic aoinneach d´fhuil Ghaoidhil
ní ar bioth lé mbí forbhfaoilidh,
ní chluin guth as láinbhinn leis -
uch! a n-áirmhim dá n-aitheis.
Ní binn leó díoghrais dána,
fuaim crot nó ceól orgána,
náid sdaire ríogh bheannmhúr Bhreagh,
nó riomh seanghlún a sinnsear.
Daoire na mbreath bhíos orra,
gadaidh asda a n-anmanna;
laoich ghleógharbha ghuirt Lughaidh,
cuirp bheómharbha a mbaramhuil.
Díbirt Ghaoidheal ghuirt Bhanbha,
gé atá a chlú ar chath n-allmhardha,
fearg Dé ré ccách dá ccolgadh
is é is fháth dá n-ionnarbadh.
Ní h-iad a-mháin do milleadh,
iomdha dream ón droichchinneadh,
a los diomdha Dhé nimhe,
fár sgé iodhna a oirbhire.
Meic Israhel na n-arm nglan,
a fhearg riú an uair do h-adhnadh:
iomdha pláigh na ttug treathan
ar fhud gcáigh dá ccoireachadh.
Do chuireadh fós - cian ód chlos -
ar shliocht mhór Macabéos
dílgheann iomdha dob fháth sgís,
tar a thiomna an tráth théighdís.
Dá mhéad tarraidh gach drong dhíobh
tuilleamhuin fheirge an airdríogh,
fuair aithrighe cháidh na ccoir
maithmhighe dháibh na dheaghaidh.
Aithrighe a-nois dá nós sin,
truagh nach déanuid meic Mhílidh,
do sgeith a dhíbheirge dhíobh,
do bhreith fhírfheirge an airdríogh.
Fréamh Ghaoidheal na ngleó nimhe,
go ttí d´fhiorta a n-aithrighe,
cora a ccoimhdhe ar cheard na ndúl,
fearg an Choimdhe do chlaochlúdh.
Díoghaltas Dé as adhbhar ann -
fir Albon, ógbhaidh Lunnand
do anadar na n-áit sin -
cáit ar ghabhadar Gaoidhil?