Fuaras féin im maith ó mhnaoi,
an t-im maith, mása meith é,
dóigh linn nach fa bhoin do bhí,
an ní dá bhfoil do mhill mé.
Do bhí féasóg ar bhfás air;
nárab slán d´fhéasóig an fhir!
súgh as nach neimhnighe neimh,
geir go mblas seirbhdhighe sin.
Do ba breac, fa hodhar é;
ní fa ghobhar bhleacht do bhaoi;
fada ó im i n-aisgidh é,
sa ghné d´fhaicsin linn gach laoi.
A ghníomh leabhar mar fholt eich,
och ní fríoth sgeana ro-sgoith!
fada as tinn an tí ros-caith,
an t-im maith ro bhí nar mboith.
Brat eisréadtha fan ngréis nguirt,
mar eisléine d´éis a churip;
dob airrghe déisdin le deirc
an cheirt d´fhéisgin d´aidhbhle a huilc.
Do bhí ar an fhearsoin túth trom
do mhúch is do mhearuigh ionn;
tarfás dúinn gach aondath ann,
barr craobhach clúimh ós a chionn.
Ní fhaca sé an salann riamh,
ní fhaca an salann é acht uadh;
ní léigfe a chuimhne sinn slán,
im bán as guirme iná an gual.
Do bhí an ghréis ann, sni hí amháin,
do bhí gach re mball don chéir;
beag d´im do uadhus na dheóigh
an t-im na fheóil fuarus féin.