Mairg do-chuaidh re ceird ndúthchais:
rug ar Bhanbha mbarrúrthais
nach dualghas athar is fhearr
i n-achadh fhuarghlas Éireann.
Do héirgheadh dhóibh thuaidh is teas
nach bí ar breith don ord éigeas
labhairt ar oigdhe a n-aithreadh:
malairt oibre ionnsaighthear.
Ní sníthe snátha an fheasa,
ní leanta craobh choibhneasa,
gréas duan ní déanta d´fhighe,
luadh dréachta ní dlighfidhe.
An céidfhear do-chuaidh re dán,
mairg dó nach dearna a chlaochládh:
neamhshuthain an céim ro char:
béim bhar n-ealathain d´ollamh.
Dursan nár mhúin oide an fhis
riadh stéad nó stiúradh loingis,
nó snaidhm chéacht i ndeaghaidh damh,
d´fhearaibh na ndréacht do dhéanamh.
Mairg d´ollamh dá nárbh aithnidh
ceard nábudh cúis iomaithbhir,
d´uaim chláraidh, do dheilbh dhabhcha,
sul tárraidh feidhm foghlamtha.
Ní fhuighthe ar uaim na rithlearg
umhla ó fhearaibh ísilcheard;
mon-uar gan aoibh na moghadh
gan chaoir shuadh ar shaothrughadh.
Tairnig onóir na héigse,
teasta cion an choimhéidse,
na gcriadhairibh oir gurbh fhearr
do sgoil fhiadhoirir Éireann.
Ná gabhaid chuca seach cách
dísbeagadh a ndréacht neamhghnáth:
ní dóibh a-bháin do-bhearair
táir, acht don ghlóir Ghaoidhealaigh.
Ní dá n-oirchiseacht d´fhéin Ghall
chaomhnaid séada sluagh bhFréamhann;
an deaghshlógh nach dáil a gcrodh,
daibh is neamhlón do-níothar.
Do dhul a-mudha don mhaoin,
do bhuain a n-ionnmhais d´aontaoibh
don mhacraidh bheannghairthe Bhreagh,
bacthair dEarlaighthe dhíbhsean.
Do thrághadh a dtonn meanma,
do cheilt chroidheadh n-aitheardha
fá fhéin Bhreagh na mbrat srólltais,
do bhac cean is chomórtais -
Do mhionughudh na mac ríogh,
cuirthear na duana i ndimbríogh,
d´fholach ceirt na ríogh reampa,
do cheilt na ngníomh nGaoidhealta.
Gaoidhil uirre ó do hagradh,
cia haca is fhearr caradradh,
nó is lia do fhóir an éigse,
cia dán cóir a coimhéidse?
Ó rug éigeantas ortha,
déanta don druing fhoghlamtha
an tslighe do-roinne riamh
i gcoinne fhine Irial.
Ó ´s aca tar fhéin mBanbha
tarla tús na healadhna -
síol Róigh na sliomaitreabh sean -
tiomaintear dhóibh a deireadh.
Éigean dóibh, dá dhearbhadh sin,
dá chéad déag draoi do dhraoithibh,
do dhíoth chothroim eacht oile,
teacht go rochloinn Rudhraighe.
Triall isan dturus gcéadna
do sgolaibh fhóid fhinnShéadna
go mac Fir Dhorcha dlighthir
ór ligh ortha d´éilighthibh.
Do léigeadh breith an bháire
go heisiomal aonláimhe,
gurb é féithleann Chláir Chobha
dáibh is éincheann urrumha.
Mág Aonghusa is é thargaidh
sgol Teamhrach do theasargain:
re buige nó re cruas gcáigh
chuige do-cuas dá gcongbháil.
Mar do-gheibh geall gach aoinfhir
feadh cruais sleachta seanGhaoidhil,
do bhiadh barr ar fhéile ag Art,
an tann budh déine an daonnacht.
Mac Fir Dhorcha ag dáil a shéad,
seoid cháich dá gcur i gcoimhéad;
cách ag congbháil an taigidh,
bláth an domhnáin dEarlaigidh.
Oiread ar imthigh d´fhéile
a croidhibh chlann saoirChréidhe,
i n-aonchroidhe ag Art do an,
tar smacht laochraidhe Lundan.
Rug ar aithris Chon na gcleas
do thigh Airt an t-ord éigeas
dóigh a-nú agus a-nallain
do chrú Róigh do-rónamair.