Beannacht ar anmain Éireann,
inis na gcéimeann gcorrach:
atá Treabh Briain na mbogglór
dom dhóigh ar dhobrón torrach.
Ionann is éag na Fódla
ceilt a córa s a creidimh,
táire a saormhac s a saoithe,
más fíor laoithe ná leitir.
Deacair nach bás don Bhanba
d´éis an tréid chalma churadh
do thriall ar toisg don Easbáin
mo thruaighe beangáin Uladh.
Ní leigeann eagla an ghallsmaicht
damh a hanstaid do nochtadh:
atá an chríoch réidhse ríNéill
do chrú fíréin dá folcadh.
Ní fhuil cion innte ar fhéiltibh,
ní fhuil ná ar chléircibh caingean,
ní mhaireann greann a dáimhe,
ní mhaireann náire a hainnear.
Atáid gan lúth gan lámhach,
mór an t-árach ar Éirinn,
gan ágh gan innmhe ógán
i n-Inis fhódbhán Fhéilim.
Dursan milleadh na macaomh,
díorma ghlacshaor chleas ngoile:
craosól ag clódh a gcéille,
ag sin a dtréidhe oile.
Ní mhaireann aicme Chonaill,
dream budh rothoil i n-iomrádh,
no síol Eoghain na mbéimeann -
d´fhearaibh Éireann is iomnár.
Ní mhaireann acht a n-iarmhar
crú na n-iarladh ó Sheanaid
laochraidh Máighe agus Méinne
mo thruaighe gléire Gearailt.
Clann Charthaigh gan cheann feadhna,
mór na teadhma ré n-aithris:
ag so na síona saobha -
dobudh baoghal teacht tairis.
Dobudh mór an meall dearmaid
gan saoirshliocht seanBhloid d´fhaisnéis
caor rathmhar gan rún cionnta
gion go bhfuil ionnta aithspéis.
Ó Ruairc agus Mág Uidhir,
laoich nár fhuirigh ó ghábhadh;
is cealgach croidhe an chriothshluagh,
mo bhraon diombuan a mbádhadh.
Síol gConchubhair, rádh rodhocht,
ríoghraidh Connacht anallód,
giodh saithe saor na slata,
gan ríghe aca acht anshódh.
Sliocht Murchadha is Ó Mórdha
féinnidh fá cródha i ngliathaibh,
tearc aoinneach don tsíol shaoróg
gá bhfuil aonfhód dá n-iathaibh.
Síol na saorchlann ó Bhéarra,
laochraidh gan éara i ndeabhaidh,
do chuir mé ar caoi mearbhaill,
Ó Cearbhaill is Ó Ceallaigh.
D´éag a huaisle s a hoireacht
gan toidheacht aice ón oilbhéim,
dá lamhadh sinn a mhaoidheamh,
d´fhine Gaoidheal is oilchéim.
Atá ó bhéim súl Balair
i dteidhm galair a gealghort
a hioth gan bhláth i dtalmhain
bíodh ar a hanmain beannacht.