A fhir ghlacas a ghalldacht,
bhearras an barr bachalldocht,
seang-ghlac atú do thogha,
ní tú deagh-mhac Donnchadha.
Ní thréicfea, da madh tú soin,
do ghruag ar ghalldacht thacair -
maisi as fhearr fá fhíadh bhFódla -
sní bhíadh do cheann corónda.
Ní modh leatsa an barr buidhe;
fuath leision na locuidhe,
is bheith maol ar ghrés na nGall -
bhar mbés ar-aon ní hionann.
Fear nár ghrádhaigh an ghalldacht
Eóghan Bán, searc saor-bhanntracht,
don ghalldacht ní thug a thoil,
an alltacht rug do roghain.
Ní bhean th´aigneadh d´Eóghan Bhán,
do-bhéradh brísdi ar bhegán,
fear nár iarr do chlóca acht ceirt,
lé nár mian cóta is coisbeirt.
Fuath leis ar chaol a choisi
mionn sbuir ar bhróig bhuataisi,
nó sdocaidhe ar sdair na nGall;
locaidhe air ní fhágbhann.
Ráipér maol nach muirfeadh cuil,
ní maisi lé mac Donnchaidh
meadh meanaidh thiar ar a thóin,
ag triall go tealaigh thionóil.
Beg a brígh a mbrat órdha,
ná a mbanna ard sholónda
nó a bhfail óir far ghabhtha ghoimh,
nó a sgarfa sróill go sálaibh.
Dúil a leaba chlúimh ní chuir,
annsa leis luighi ar luachair;
teach garbh-shlat ná táille tuir,
sáimhe lé dagh-mhac Donnchaidh.
Bró mharc-shluagh ar bhrú mbeirne,
troid gharbh, comhlann ceitheirne,
cuid do mhianuibh meic Donnchaidh,
s gleic d´iarraidh ar allmhurchaibh.
Ní hionann is Eóoghan Bán
gáirit mad chois ar chlochán
truagh nach bfacas libh bhar locht,
a fhir ghlacas an ghalldacht.