Truagh liom Máire agas Mairgrég,
ní beó bláth na n-umhailghég:
do chuir siad a nduilli dhíobh,
dá bhuime iad don imshníomh.
Fa ríor, fa ríor, nocha nfhuil
braon na ccroidhibh ón chumhaidh:
dá sheisi shuadh fhóid Uladh,
truagh mar táid ar ttiormughadh.
Ionand toirrsi dhamhsa is doíph,
Aodh Ruadh céd-damhna ar cciachbhróin,
Rughroidhe Cabha dár ccrádh,
mana turbhuidhe a thérnádh.
Tréd bhocht gan aodhaire inn.
Cathbharr, cend einigh Éiriond,
fá líg thrá, ga truaighe dál,
atá uainde san Eadáill.
San Eadáill na n-eas dtana,
ionand is ég Nualadha,
atá géis chnómhoighe Chuinn,
cróluighe dhá héis oruinn.
Nualaidh dhuaislíonmhar, dóigh cháigh,
mairfidh go laithe an luanbhráith,
tosach garma chrú gCriomhthain,
clú a hanma idir Eioriondchaibh.
Do beanadh dhínn, dia do chor,
abhus ar tús, tuar cumhadh,
súil mhallghlas dar chreite a ccath,
Maghnas eite na uUlltach.
Ar Mhaghnas mac I Dhomhnoill,
a ccrích Uisnigh iobhardhuind,
cuire a chomhaoisi nír chinn,
ro-Naoisi fola Feidhlim.
Ceithre héigneadha ón Bhóinn bhrias,
ceithre mic d´Aodh mac Maghnais,
cuan dreagan nár dháil a rún,
dháibh nír bh´eagal acht iomthnúdh.
Ní faicfidhear, foirbhthe an béd,
lorg a ccraioitheadh ná a ccroimsdéd
fán Eithne, fán Máigh mallfhuair,
ceithre cráidh an Chonallshluaigh.
Seabhaic uaisli Innsi Fáil,
ceithre creacha chnuic Chruachláin,
ceithre troimchreacha Teamhra
na doindchleatha doigheardha.
Iongnadh Máire do mharthain,
sna haibhne nach ionarthroigh,
as fiodhbhaidh chríon chraoi Uisnigh
do shíor ag caoi an cheathrair-sin.
Ní filltear fiodhradh abhla
le hubhlaibh feadh fionn-Bhanbha,
ná fiodhradh chaillghég le cnoibh,
iongnadh Mairgrég do mharthain.
Ní hí Mairgrég ná Máire
chaoinim, is cúis diombáighe,
acht an cor-sa ar cró na bhFionn,
mó sa mhó osna Éiriond.
A gceithre dearbhbhráithre ar ndol,
Máire is Mairgrég mhúir Chruachan,
cosg ag dol do shíor ar shuan,
a ccor fa ríor is rothruagh.