Fúarus iongnadh, a fhir chumainn,
cádhus úatha ní fhúair mé,
na dáoine dar dhúal ar n-ionramh,
as úar náoidhe an t-iongnadh é.
Meisi folamh, féch nach diongna,
s dáoine dáora ar nár dhúal gean
sunna ón Spáin ag agháil ionnmhuis
a n-anáir chláir bhionnghlais Bhreagh.
Mná anúaisle buirb is bathluigh
a mbeartaibh óir san aird thall
atáid trá agus sinn gan édáil,
dar linn atá égáir ann.
Re foluibh ísli fhuinn Luighdheach
dár las um chorp crithir thnúidh,
a mhic Fíthil ó íadh Énna,
grían do dhíchil déna dhúin.
A cheinnbhile chathrach Túama,
tuig cheana nach cubhaidh rinn
gan bheith a ngoire d´fuil úasail,
cuir ó chroidhe súasuin sinn.
Thíar do fhágbhus earr mo chonáigh,
mo chéidní ó do chaith mé;
má atá do thal leam, a Fhlaithrí,
budh geall damh ré haithní é.
Nír bheag let athair mar iongnadh
gan m´ana ag fás, foirfe an coll,
is toice ag fás ag mac moghadh,
a shlat dár fhás toradh trom.
Cing Artúir, úaithne na talmhan,
trén ar an mbioth do bhí sé;
teacht na dhál do dhligh gach duine,
do thil clár na cruinne cé.
Bíadh ná cuirm ní chaitheadh Artúr
gan iongnadh núa, núaidhe in barr,
go hég íar rúachtain san ríghe,
gég úachtair na tíre thall.
Ní léigfind dó, díochra an bhríathar,
dá mbeinn ann an úair do mhair,
rí an chruine na ccosgar ccoimhthe,
luighe is trosgadh oidhche air.
San Bhord Chruinn ar chomhair Artúir
do inneósuinn a hucht m´ord
mé fá bhrón tré bheith a n-anchruth,
is ór ar breith bathlach mborb.
Do chaithfiodh a chuid ó´d-chluinfeadh
clanna ladrann lán do mhoirn,
is méd mh´anshóidh fá fhuil nGáoidheal
ní fhuil anóir áoidheadh oirn.
A ccúirt Labháin na learg ccorcra
ar comhroinn thoir atá mé,
mar tám is ionnsa lem aithghin,
nár liomsa dom aithribh é.
Atá seanbháidh ag slait Thúama
risin ttreibh ó ttáinig sinn,
má tá sin a mbun na báidhe,
do dhligh cur a láimhe linn.
San aimsir dob ollamh fileadh
Flaithrí mac Fíthil fúair áoibh,
do bhíadh connailbhe na chroidhe,
sgíath comairghe Mhoighe Máoin.
Reulta éolais érlamh nUisnigh,
airdeasbag Connocht, cruth fíal,
sáoi do mhol gach file fíre,
cridhe sgol na tíre thíar.
Éigne Bhúille, bradán Chonga,
craobh do lubhghort leasa Té,
ésga órrtha ar nár fhás dubhadh,
sás mórtha na n-umhal é.
Sruith díadha nach dearna formad,
flaith corónta chosnus tnúdh,
bruinne milis a táobh tolcha,
iris náomh nach ronnfa a rún.
Ua Cuinn chédchathaigh Cnuic Mhaisdion,
mac Onóra, eineach búan,
tamhan úr ón Bhanbha bhráointe,
rún m´anma, fáoilti nach fúar.
Mag Aonghusa, aigneadh faoilidh,
fáilte ghnáth do-gheibhinn úadh,
do bhíodh a thoil ar tí a dáilte,
nírbh í soin an fháilte fhúar.
Conn mac I Rúairc na renn ndoinnte,
damhna Connocht, cneas mar úan,
a dhá chaomthach re feadh bfaghla,
cáolshruth sean is adhbha fhúar.
Téighim tar teaguscc na n-easbal
tre aithighidh na n-olc mbúan,
eagal mo char as a chumann,
ná rabh Peadar umam fúar.