Truagh do chor a chroidhe tim;
beag an díoth t´olc no t´inghreim:
ón mhéid toirbhire do thoil
téid bhar n-oirbhire a n-asgoidh.
Urusa t´ionntódh ar ais,
mór do-gheibh fios bhar bhforais;
truagh do chor, ní cás do shíodh,
gá ttás do dhol a ndeimbríogh.
Ná seachnadh duine ar domhan
bhar ngríosadh, bhar ngortoghadh:
as t´uchd ní hintinn meisi,
gá dulc t´inntinn uaisleisi?
Gibé sgél do reacadh ruinn
an tráthsa a ttaobh I Dhomhnuill,
mo náire na amhghar ort,
adhbhor gáire do ghluasocht.
Do-chím tar chenn gach diomdha
uaim dar thuill mo thighiorna
ar a chneidh nach coduil sibh,
neimh bhar gcoguidh do-cíthir.
Caidhe an chúis do chuiris róibh,
caidhe an uaisle no an onóir,
caidhe an fhearggomh ané anois
más sé do threaghdadh tárrois?
A ndíaigh a n-abruim oruibh,
a chroidhe bocht banamhail,
fa fhlaith sriobhshrotha Sligigh,
maith t´ionghotha im fhoighidin.
Lámh I Dhomhnuill Dúna ós Sáimh
d´easgor más fhíor san Eadáill,
cúis bhar n-amhluaigh ós sí soin,
ní hí an anbhuain gan fhochoin.
Gidh eadh, ní hé h´eagla féin
budh cás libh, gér lór d´oilbhéim,
achd don triall tarla roimhe,
s d´iath Bhanbha go mbeanfoidhe.
D´éis a ndearna go nua anois
san easgor fuair flaith Bearnois,
gá ttás robadh soiréidh sionn
achd cás oiléin na hÉirionn.
Gibé mar tá ar reacadh ruinn
dá gcluineadh críoch Clann gConuill,
do mheasfadh a míobhuadh féin,
an easghlan shíodhfhuar shoilléir.
Dá gcluineadh sliocht Gaoidhil Ghlais
a gcuala ó mhac mheic Maghnais,
budh mór bhfáth gcomhrúin fá a cheann
ag bláth fhionnmhúir na hÉireann.
As sé adéara gach duine,
dá bhfilltí réim Rudhruidhe
cía linn do laoidhfidhe anocht,
ó saoilfidhe inn d´fhurtocht?
An Coimsidh do-chí bhar ndáil,
a chríoch Mhac Míleadh Easbáinn,
go bhfégha ort is oirne,
sgéla ar olc nár fhaghoimne.
Bíodh nach cás ar dearbhadh dhúinn,
bíodh nach budh filleadh fortúin,
iomdha anoss fá dhoghruing de,
s ní a los I Dhomhnuill Daoile.
Easgar láimhe laoich Éirne
tug ar chridhibh coimhéirghi:
an teidhm tárra go ttí uadh,
ní bhí achd námha léan neamhthruagh.