THE SCIENCE OF THE UNIVERSE
Grianspotaí/Sunspots
Tuesday 3rd April 2001
I láthair na huaire, tá
an grianspota is mó le bliain déag le feiceáil
ar dhromchla na Gréine. Tá gach seans ann go n-astófar
bladhm uaidh gan mhoill agus go ndéanfaidh an bhladhm sin
dochar do chórais chumarsáide an Domhain.

Is ionann grianspota agus stoirm
mhór ar dhromchla na Gréine. Bíonn teocht an
spota seo pas beag níos lú ná teocht an chuid
eile den Ghrian agus, mar sin de, bíonn cuma níos
dorchaí air. Ag am ar bith, bíonn ceann nó
dhó le feiceáil ach méadaíonn agus laghdaíonn
líon na spotaí seo go rialta. Bíonn ciogal
bliain déag leo; is ionann sin agus a rá go dtagann
méadú suntasach ar mhéid agus uimhir na spotaí
gach bliain déag. Agus ba sa bhliain 1989 a bhí an
méadú deireannach.
Bíonn an Ghrian i gcónaí ag astú
chaithníní luchtaithe fuinniúla. Tugtar an ghrianghaoth
air sin agus nuair a bhuaileann an sruth seo an Domhain, is é is
ciontaí leis na gealáin thuaidh ar a dtugtar an Aurora Borealis.
Tá cumhacht an tsrutha seo ceangailte le líon na ngrianspotaí;
nuair is minice na spotaí agus nuair is mó iad, sin mar
is cumhachtaí na caithníní. Má bhíonn
astú an-láidir ann, tugtar bladhm air sin. Agus de thairbhe
méid an spota amháin sin agus líon na spotaí
eile atá ina chuideachta, tá grianeolaithe an domhain ag
fanacht le go n-astófar bladhm an-chumhachtach am ar bith.
Má thagann bladhm, ní bheidh morán
de réamhfhógairt againn. Ní ghlacann na caithníní
ach cúpla lá le trasnú ón Ghrian go dtí
an Domhan. Ach ní bheimid cinnte go bhfuil bladhm ar a bealach
go dtí uair a chloig nó mar sin roimh ré. Agus beidh
an réamhfhógairt sin de dhíth le seans a thabhairt
dúinn na córais chumarsáide agus na córais
leictreachais a chosaint. Nuair a tharla an t-uasphointe sa chiogal dheireannach,
tháinig bladhm a bhris go hiomlán an córas leictreachais
i Québec agus a d’fhág sé mhilliúin
daoine gan cumhacht nó solas ar feadh oíche iomláin.
Ní raibh an mogalra cumarsáide ann an t-am sin agus atá
anois; ní raibh na gutháin iniompraithe ann nó mórán
de na satailití a úsáidtear gach lá anois.
Má bhíonn a fhios
againn go bhfuil aschur chaithníní ag tarlú
is féidir cosaint éigin a dhéanamh; is féidir
cuid den mhogalra a dhruidim agus is féidir na satailití
a thiontú mar shampla. Ní cosaint iomlán í
sin ach gearrfaidh sí anuas ar an damáiste.
Taobh amuigh den éifeacht sin ar chumarsáid,
bíonn éifeachtaí eile ag líon na ngrianspotaí.
Is féidir méid fearthainne sna hoileáin seo a cheangal
leo. Is minic triomach nuair is teirce na grianspotaí ( bhí
triomach mór ann i 1995 nuair nach raibh mórán grianspotaí
ann) agus tarlaíonn cuid mhór fearthainne ag uas-phointe
an chiogail (smaoinigh ar fhearthainn an gheimhridh seo chuaigh thart).
Agus deir daoine eile go bhfuil
fad sciortaí na mban ceangailte leis na grianspotaí
fósta; sin ábhar taighde do dhuine éigin sa
todhchaí!
Dála an scéil, ná déan iarracht
amharc ar an Ghrian in am ar bith le déshúiligh nó
fiú gan iad. Déanfaidh tú dochar mór dona
súile agus cibé ar bith, ní féidir faic a
fheiceáil gan gaireas nó trealamh speisialta.
Sanas: Aschur output Astú emission Bladhm solar flare Caithníní particles Ciogal cycle Déshúiligh binoculars Dromchla surface Gealáin thuaidh northern lights Luchtaithe charged Mogalra network Triomach drought
Tuilleadh eolais / Extra
information: space
weather.com sunspotcycle.com
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|