THE SCIENCE OF THE UNIVERSE
Eolaíocht na Fuaime/The Science of Sound
Bíonn
an saol thart timpeall orainne torannach, rud atá amhlaidh ó
tháinig an réabhlóid tionsclaíoch sa naoú
céad déag. Agus de thairbhe go mbíonn tionchar ag
an torann sin orainn, is mithid dúinn a thuiscint cad is rud é
torann agus cad é mar is féidir leis dochar a dhéanamh
dúinn.

Tarlaíonn fuaim nuair a dhéantar creathadh.
Má bhuaileann tú clog, mar shampla, bogann taobhanna an
chloig amach agus isteach ag ráta áirid. Brúfaidh
sin ar na móilíní san aer, brúfaidh siadsan
ar mhóilíní eile agus mar sin spréann an creathadh
amach go dtí go mbuaileann na móilíní is cóngaraí
ar thiompán na cluaise. Má bhíonn minicíocht
na fuaime – is é sin an méid uair sa soicind a bhogann
móilín ó thaobh go taobh – idir 20 agus 20,000
ba cheart go mbeimis i ndán fuaim a chloisint. Tugtar heirts (Hz)
ar chreathadh amháin gach soicind agus mar sin de, deirtear gur
féidir le duine fuaimeanna idir 20 Hz agus 20,000 Hz a chluinstin.
Cionnas go gcaithfidh móilíní
a bheith ann le creathadh, ní féidir le fuaim taisteal
trí fholús; ní thagann fuaim ar bith chugainn
ón ghrian, mar shampla. Bíonn luas thart fá
thrí chéad mhéadar sa soicind ag fuaim ag dul
tríd an aer agus luas i bhfad níos gasta ná
sin ag fuaim ag dul trí sholad ar bith. Bhí an ceart
go hiomlán ag Indiaigh Dhearga sna scannáin nuair
a chuir siad a gcluasa leis an bhóthar iarainn le fail amach
an raibh traein ag teacht, nó sin mar ba ghasta a thiocfadh
an fhuaim chucu!
Nuair a tharlaíonn splanc
tintrí agus toirneach, tagann an solas chugainn ag luas atá
chomh gasta sin gur féidir a rá go dtagann sé
gan mhoill ar bith. Leanann fuaim na toirní ag ráta
i bhfad níos maille; glacann sé cúig shoicind
le míle a thrasnú. Mar sin de, nuair a fheicimid splanc,
níl le déanamh againn ach cuntas a dhéanamh
go measartha malltriallach go gcluinimid an toirneach. Is ionann
gach cúig shoicind agus míle idir sinn agus an splanc.
Tá trí dhóigh ina ndéanann
fuaim dochar don chluas. Má bhíonn fuaim tobann tréan
ann, mar a tharlaíonn i bpléascán, mar shampla, is
féidir le tiompán na cluaise scoilteadh. Is éifeacht
shealadach í seo agus cneasann an chluas gan mhoill.
De réir mar a bhíonn
duine ag éisteacht le fuaimeanna tréana, cailleann
sé an ábaltacht minicíochtaí arda a
chluinstin. As siocair go mbíonn timpeallacht s’againn
chomh tormánach sin is féidir a rá go mbíonn
uastheorann gach duine fásta níos ísle ná
mar ba cheart. I mo chás féin, ní féidir
liomsa fuaimeanna níos airde ná 15,000 Hz a chluinstin.
Tá an cás i bhfad níos measa acu siúd
a bhí tugtha do bheith ag éisteacht le ceol tréan;
íslíonn uastheorann s’acu an oiread sin go gcuireann
sé isteach ar an ghnáthéisteacht. Is féidir
a rá go mbíonn cuid acu bodhar. Má tá
moladh amháin agam is é sin gur cheart do dhuine ar
bith fuaimeanna tréana a sheachaint a mhéid agus is
féidir. Nuair a íslíonn uastheorann na cluaise,
ní bhisíonn sé a choíche.
Agus tá éifeacht
eile ag tormán rialta tréan ar an chluas. Is féidir
leis damáiste a dhéanamh don chochla, an chuid den
chluas ina dtiontaítear fuaimeanna go comharthaí leictreacha
sula n-iompraíonn néaróg na cluaise iad chuig
an inchinn. Má tharlaíonn an damáiste seo,
cluineann an duine fuaimeanna ardmhinicíochta i rith an ama,
lá is oíche gan stad gan staonadh. Tugtar tinnitus
ar seo agus níl leigheas ann dó.
Níl leigheas an lae inniu ábalta mórán a dhéanamh
leis an chluas agus tá an éisteacht an-tábhachtach
i dtaca le cumarsáid de. Is mithid dúinn mar sin aire a
thabhairt don éisteacht.
Sanas:
Cochla cochlea Creathadh vibration Minicíocht frequency Móilíní molecules Tiompán na cluaise ear drum
Tuilleadh eolais: BBC
Ouch BBC
Science and Nature How
Stuff Works
(féach faoi "sound")
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|