THE SCIENCE OF THE UNIVERSE
Rithimí/Rhythms
Ní iontas ar bith é gur ábhar pléisiúir
iad rithimí, cé acu sa cheol nó san fhilíocht
iad, nuair a smaoiníonn tú go bhfuil an saol uilig thart
orainne agus fiú an saol taobh istigh dár gcoirp féin
faoi smacht ag rithimí.
Ó cruthaíodh an cine
daonna agus i bhfad roimhe sin, bhí rithimí tábhachtacha
sa saol. Bhí rithim ag baint le breith, saol agus bás
gach orgánaigh; bhí rithim leis an bhliain agus leis
na séasúir taobh istigh den bhliain agus bhí
rithim le céimeanna na Gealaí.
Mar aon le gach ní beo eile, agus iad báite
sna rithimí seo, d’fhorbair an cine daonna rithimí
inmheánacha. Tá rithim míosúil (míostrú)
ag na mná ach bíonn rithim laethúil ag fir agus mná.
Tá clog bitheolaíochta ionainn a rialaíonn cén
t-am is fearr le héirí, le hobair, le hithe agus le codladh.
Rialaíonn sé fósta an dóigh a mbíonn
timthriall ag baint le teocht coirp agus le haschur na hormón.
Tá tréimhse laethúil ag an chlog seo ach ní
h-ionann go hiomlán é agus ceithre uair fichead. Is cosúil
go n-úsáidímid solas an lae leis an rithim seo a
choinneáil ar aon dul le rithim an lae. Má fhágtar
daoine faoi thalamh gan solas lae ar feadh míonna, athraíonn
tréimhse rithim s’acu a fhad le ocht n-uair is fiche i gcásanna
áirithe.
I dtaca le minicíocht an
chloig inmheánaigh seo, tá dhá chineál
duine ann. Iad siúd a bhfuil tréimhse cóngarach
do cheithre uair fichead acu, tugtar "fuiseoga" orthu;
is furasta acu éirí ar maidin ach tagann fonn codlata
orthu go luath san oíche. Iad siúd a bhfuil tréimhse
níos faide ná ceithre uair fichead acu, tugtar "ulchabháin"
orthu; bíonn obair acu iad féin a thógáil
amach as an leaba ar maidin ach bíonn siad beo bríomhar
san oíche.
Tá cúpla gné de shaol an lae inniu
nach bhfóireann leis an chlog seo. Nuair a théimid ar thuras
eitleáin chuig áit ina bhfuil am difriúil (ón
Eoraip go Meiriceá, mar shampla) éiríonn clog s’againne
agus solas an lae as pas agus glacann sé roinnt laethanta iad a
thabhairt le chéile arís; go dtí go mbíonn
siad le chéile, ní mhothaímid i mbarr ár sláinte.
Ach, níos tábhachtaí
arís, is féidir a rá go bhfuil saol ceithre
uair fichead anseo agus gur féidir beagnach gach rud a dhéanamh
am ar bith, lá ar bith. Ach sinne a mhaireann mar seo, nó
iad siúd a dhéanann freastal orainn, táimid
ag dul in éadan an chloig inmheánaigh seo. Agus tá
taighde ann anois a léiríonn, má théann
duine in éadan an chloig seo, go mb’fhéidir
go ndéanfar dochar don chorp; tá an mí-iompar
seo ceangailte le piantaí cnámh, le galair croí
agus fiú b’fhéidir le galar na nua-aoise - siondróm
tuirse ainsealach.
Má tá ceacht le foghlaim againne, is é
sin go gcaithfimis cloí le rithim ár gcorp; ná fanaimid
ar ár gcois go mall agus ná codlaímid go mall ag
an deireadh seachtaine. Saol leadránach, b’fhéidir,
ach sláintiúil!
Sanas/Vocabulary: Aschur output Minicíocht frequency Pas (as pas) phase (out of phase) Siondróm tuirse ainsealach chronic fatigue
syndrome Taighde research Timthriall cycle Tréimhse period
Tuilleadh eolais / Extra
information: New Scientist
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|