THE SCIENCE OF THE UNIVERSE
Cruinní comhthreomhara / Parallel Universes
Baineann
an fhisic leis an domhan thart orainn - an domhan fisiciúil. Scrúdaíonn
sí an domhan seo agus baineann sí ciall as. Cruthaíonn
sí cothromóidí agus úsáideann sí
na cothromóidí le tuilleadh tuigbheála a bhaint as.

Sin mar a bhí, ar aon nós
go dtí tús an fhichiú chéid. Shíl
eolaithe mór le rá ag an am sin go raibh siad ábalta
ciall a bhaint as gach gné den saol seachas cúpla
rud. Ach nuair a rinneadh iarracht an cúpla rud beag sin
a mhíniú, phléasc an chinnteacht iomlán
agus rugadh an fhisic ar a dtugtar fisic chandamach.
An rud a ba thábhachtaí
a d’fhoghlaim na heolaithe seo ná nach raibh ceangal
ar bith idir an fhisic úr seo agus an chiall. Tá an
chiall daonna bunaithe ar fhianaise a thagann chugainn ónár
gcéadfaí. Ní insíonn ár gcéadfaí
rud ar bith dúinn faoi rudaí chomh beag le hadaimh
nó chomh mór leis an chruinne. Mar sin de, ní
fiú a rá nach bhfuil ciall ar bith le fisic an lae
inniu; ní slat tomhais ar bith iad ár gcéadfaí.
Tá sé furasta go
leor an fhadhb a lua. Nuair a dhéantar mionscrúdú
ar an dóigh a tarchuireann solas, aithnítear go dteilgtear
é i mioncháithníní ar a dtugtar candaim.
Ach is féidir le candam amháin dul dhá bhealach
ag an am céanna. (dúirt mé nach mbaineann ciall
le fisic an lae inniu!). De réir na n-eolaithe, níl
ach dóigh amháin gur féidir an feiniméan
seo a thuiscint. Is é sin ná go gcruthaítear
dhá chruinne ag an am a mbíonn rogha ag an chandam
agus go dtéann an candam bealach amháin i gcruinne
amháin agus an bealach eile sa chruinne eile. Má leathnaítear
ar an íomhá seo, gach uair a tharlaíonn rogha
idir dhá fhéidearthacht, scoilteann an chruinne.
Tarlaíonn an smaoineamh
céanna i ngné eile den fhisic; an iarracht atá
ag dul ar aghaidh an ceithre fhórsa bunúsacha a cheangal
le chéile. Is iad na fórsaí seo:
1 an fórsa leictreamaighnéadach.
Sin an fórsa a bhrúíonn sruth leictreachais
agus ar a bhfuil saol leictreonach an lae inniu bunaithe.
2 an fórsa imtharraingtheach.
Sin an fórsa a cheanglaíonn sinne le dromchla an domhain
agus a choinníonn an domhan i bhfithis thart ar an ghrian.
3 An fórsa láidir
núicléach. Sin an fórsa a rialaíonn
an chumhacht a thagann chugainn ón ghrian agus ar a bhfuil
ár saol ag brath.
4 An fórsa lag núicléach.
Sin an fórsa a rialaíonn meath radaighníomhach,
an fórsa atá taobh thiar den leigheas núicléach
sna hotharlanna agus a rinne an scrios i Chernobyl.
Creideann eolaithe go láidir
go bhfuil comhionannas ann idir na fórsaí seo agus
go bhfuil simplíocht agus áille ann fosta; go gcaithfidh
go bhfuil rud ann ar a dtugtar "teoiric an uile shórt"
Ach nuair a inréitíonn siad na cothromóidí
tagann siad ar an nós go gcaithfidh go bhfuil i bhfad níos
mó ná ceithre thoise ( fad, leithead, airde agus am)
ann. Meastar go gcaithfidh go bhfuil ceann déag ann ach nach
léir dúinn iad. Agus le taobh sin, tagann an nós
céanna aníos; go gcaithfidh go bhfuil uimhir éigríochta
cruinní ann ach nach bhfuil teacht againn orthu.
Is léir go gcaithfidh samhlaíocht
iontach a bheith ag eolaithe an lae inniu.
Sanas:
Cáithníní particles Candam quantum Comhthreomhar parallel Cothromóidí equations Cruinní universes Éigríochta infinite Feiniméan phenomenon Imtharraingtheach gravitational Inréitíonn solve Radaighníomhach radioactive Tarchuireann transmits Toise dimension
Tuilleadh eolais: BBC
Science and Nature - Space mkaku.org
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|