THE SCIENCE
OF THE UNIVERSE
An Ghealach/The Moon
‘S
í an Ghealach an réad cruinne is cóngaraí
don Domhan s’againne agus taobh amuigh den Ghrian, is í an
réad is gile sa spéir í. Tá trastomhas 3,500
ciliméadar aici (thart fá cheathrú mhéid an
Domhain) agus tá sí tuairim is 400,000 ciliméadar
uainn.
Tá sí i bhfithis
thart orainne, fithis a ghlacann tuairim is ocht lá is fiche
agus rothlaíonn sí ar a hais gach ocht lá is
fiche fosta. As siocair gurb ionann an dá am seo, ní
féidir linn ach taobh amháin den Ghealach a fheiceáil
ón Domhan.
Go dtí 1959, nuair a chuir
na Rúisigh an spástaiscéalaí Luna 2
chuici, ní raibh barúil ar bith againne cad é
a bhí ar chúl na Gealaí. Tá a fhios
againne anois gurb ionann an chuma atá ar an dá thaobh.
Le linn na ceithre seachtainí
agus an Ghealach i bhfithis thart orainne, athraíonn a cuma.
Nuair a bhíonn gealach úr ann, is beag nach dtig linn
í a fheiceáil. Seacht lá ina dhiaidh sin, bíonn
sí i mbéal ceathrún. I gcionn seacht lá
eile, bionn sí lán agus i gcionn seacht lá
eile, bíonn sí sa cheathrú dheireannach. Tugtar
céimeanna ar na hathruithe seo.
Meastar anois gur ón Domhan
féin a tháinig an Ghealach. Go luath i ndiaidh do
Chóras na Gréine a bheith cruthaithe, thart fá
4,500 milliún bliain ó shin, bhuail réad an
Domhan, réad a bhí fán mhéid céanna
le Mars. Bhí an Domhan te agus leachtach agus stealladh píosa
mór uaidh. Fágadh an píosa sin (an Ghealach
mar atá anois) i bhfithis thart ar a raibh fágtha
(an Domhan).
Sheas an cine daonna ar dhromchla
na Gealaí don chéad uair i mí Iúil 1969
nuair a shroich Neil Armstrong agus Edwin (Buzz) Aldrin í.
Tugadh an chúirt dheireannach uirthi i Mí na Nollag
1972; ní raibh aon duine ar ais ó shin.
De thairbhe a cóngair, tá
tionchar an-mhór ag an Ghealach ar dhromchla an Domhain.
Tá fórsa imtharraingteach láidir aici agus
tógann an fórsa sin leibhéal na farraige. Is
é seo an rud is cúis leis na taoidí. Tógann
an fórsa céanna leibhéal an talaimh ach tá
an talamh docht agus mar sin de, is beag uilig an tógáil
agus ní thugann muid faoi deara é.
De thairbhe a méid agus
a gile, bhí páirt mhór ag an Ghealach i saol
an chine dhaonna ariamh anall. Rinneadh bandia di ag na Rómhánaigh
(thug siad Luna uirthi) agus ag na Gréagaigh ( Selene nó
Artemis) agus bhí sí ceangailte go dlúth le
miotaseolaíocht s’acusan.
Sa lá atá inniu ann,
agus an spéir ceilte orainn ag truailliú solais, tá
suim sa spéir caillte againne, a bheag nó a mhór.
Ní thugann muid morán airde ar an Ghealach agus is
cuma linn cén céim ina bhfuil sí. Ach b’fhéidir
gur boichte ár saol de thairbhe na neamhshuime seo.
Sanas/Vocabulary:
Ais axis Céim phase (of Moon) Ciliméadar kilometre Córas na Gréine the solar system Cruinne universe Fithis orbit Imtharraingteach gravitational Leachtach liquid Réad object Rothlaíonn rotates Spástaiscéalaí space probe Trastomhas diameter
Tuilleadh eolais / Extra
information: BBC Science
and Nature - Space nineplanets.org
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|