THE SCIENCE OF THE UNIVERSE
Mir ina míreanna
Ar a sé a chlog, maidin Dé hAoine an 23
Márta 2001, thit Mir, stáisiún spáis na Rúise,
go talamh thoir ó chosta thoir na hAstráile. Chonacthas
é sna hOileáin Fidsíocha mar léasanna solais,
idir naoi agus dosaen acu, agus iad ag fágáil toite ina
ndiaidh.
Meastar go raibh luas fuama leo, thart ar thrí
chéad mhéadar sa soicind agus ghlac siad tuairim is fiche
soicind ag dul ó léaslíne go léaslíne.
Ní fhaca aon duine na píosaí seo nuair a thuirling
siad ach meastar nach raibh fágtha den chéad tríocha
tonna a bhí i bhfithis ach cúig tonna is fiche. Rinneadh
smidiríní den chuid eile de thairbhe frithchuimilte idir
Mir agus an t-aer. Ba é sin an plean a bhí ag na Rúisigh
agus d’oibrigh sé gan locht. Ní raibh dóigh
ar bith acu an stáisiún spáis a thabhairt ar ais
agus nuair nach raibh an céad go leith milliún dollar sa
bhliain acu a bheadh riachtanach le tacú leis, shocraigh siad ar
á ligean titim isteach san fharraige san áit is uaigní
agus is faide ar shiúl ó dhaoine ar an domhan.
Nuair a dearadh Mir sna seachtóidí bhí
coimhlint ghéar idir Mheiriceá agus an tAontas Soivéideach
agus bhí Mir mar chuid den iarracht a rinneadh le taispeáint
cé chomh mór chun tosaigh is a bhí na Rúisigh.
Ach nuair a lainseáladh é i 1986, bhí sé soiléir
go raibh an lámh in uachtar ag na Meiriceánaigh. Agus ní
raibh na Rúisigh ariamh cinnte cad é le déanamh leis.
Is beag uilig na fionnachtana eolaíochta a tháinig as. Rinneadh
turgnaimh ar phlandaí agus crúthaíodh go mbeadh spásairí
ábalta a gcuid bia féin a fhás. Bhí bunús
na bhfiosrúchán dírithe ar an chorp dhaonna agus
ar na fadhbanna a d’éirigh nuair a bhí an corp gan
meáchan. Ach má bhí lochtanna eolaíochta ar
Mir, ní amhlaidh a bhí leis an teicneolaíocht a chur
é i bhfithis agus a choinnigh ansin é. Mhair sé cúig
bliana déag, i bhfad thar an am a bhí beartaithe. Nuair
a tharla taismí, réitíodh iad agus foghlaimíodh
ceachtanna agus níor maraíodh aon duine. D’fhoghlaim
an cine daonna na scileanna agus na cleasanna a bheadh riachtanach le
maireachtáil sa spás.
Agus roimh dheireadh a shaol, ba shiombail chomhoibriú
é Mir. Nuair a mheath an rúndacht a bhí ceangailte
leis an sean Aontas Soivéideach agus nuair a bhuail ganntanas airgid
na Rúisigh, thug siad cuireadh do spásairí ó
thíortha eile a bheith páirteach san fhiontar (ar an acht
go ndíolfadh siad a gcuid costas féin, ar ndóigh).
Le linn a shaol, bhí níos mó ná céad
duine ó shé thír dhéag beo ar Mir. Ina measc
bhí Meiriceánaigh agus ba é an comhoibriú
idir iadsan agus na Rúisigh a bhí mar shiombail ar an ré
úr abhus anseo ar talamh. Léiríonn an dóigh
fhoirfe a thug na Rúisigh Mir go talamh go bhfuil na scileanna
cuí acu go fóill, fiú muna bhfuil an t-airgead acu
le dul i mbun taiscéalta iad féin. Is soiléir gur
fiú iad a bheith comhpháirteach i bhfiontair spáis
amach anseo.
Sanas: Dearadh designed Fidsíocha Fijian Fiontar enterprise Fionnachtana discoveries Fithis orbit Frithchuimilt friction Léaslíne horizon Taiscéaladh exploration Turgnaimh experiments
Tuilleadh eolais
/ Extra information: New Scientist
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|