THE SCIENCE OF THE UNIVERSE
Mars

Is é Mars an pláinéad is cóngaraí
don domhain s’againne agus de thairbhe sin tá sé ar
cheann de na réada is feiceálaí sa spéir.
I láthair na huaire tá sé chóir a bheith chomh
cóngarach agus is féidir agus mar sin de, tá sé
níos mó agus níos gile ná mar is gnách.
Ní bheidh Mars agus an Domhan ach 67 milliún ciliméadar
óna chéile oíche an 21-22 Meitheamh.
Más mian leat é a fheiceáil níl
le déanamh agat ach dul amach oíche ar bith agus amharc
ó dheas. Tá Mars íseal sa spéir – níos
lú ná dhá ghrád déag os cionn na léaslíne.
Tá barraíocht solais lae ann go dtí a deich a chlog
ach go gearr i ndiaidh sin beidh Mars ag dealramh soir ó dheas
uainn. Thart fá leath i ndiaidh a h-aon ar maidin, beidh sé
le feiceáil díreach ó dheas agus cúpla uair
a chloig ina dhiaidh sin beidh sé siar ó dheas. Beidh sé
níos mó ná réalta ar leith san spéir
agus ba cheart go mbeadh dath dearg Mars soiléir.
As siocair nach mbíonn fithisí na bplainéid
ciorclach (bíonn siad éileapsóideach), athraíonn
á bhfad óna chéile gach uair is cóngaraí
iad. Ní raibh Mars agus an Domhan chomh cóngarach seo le
trí bliana déag agus mar sin de ní raibh Mars chomh
mór geal le fada. Mar sin de ní ceart dúinn an t-áiméar
seo a chailleadh.
Bhí Mars ariamh tábhachtach i miotaseolaíocht
an chine dhaonna agus beidh sé tábhachtach dúinn
arís sa todhchaí. Má táimid i ndáiríre
fá spásthaisteal, is cinnte gur chuig Mars a bheidh ár
dtriall gan mórán moille. Chuir na Meiriceánaigh
spásárthach go Mars don chéad uair sa bhliain 1965
agus ó shin i leith, d’fhoghlaim muid cuid mhór fá
aeráid agus fá dhromchla Mars tré spásfheithiclí
eile mar Mariner agus Viking a chur chuige. Tá ceann i bhfithis
thart ar Mars ag an am seo agus tá ceann eile – Odyssey 2001
- ar a bhealach anois. Rachaidh Odyssey i bhfithis i mí Dheireadh
Fómhair seo chugainn. Nuair a bheidh an taighde uilig déanta
agus fios againn ar na seifteanna is fearr le húsáid le
spásairí a choinneáil beo sláintiúil
ar feadh trí bliana ar a laghad, rachaimid ann. Tá pleananna
ag na Meiriceánaigh dul ann roimh an bhliain 2010.
Ach más feiceálach Mars i mbliana, beidh
sé i bhfad níos feiceálaí an chéad
uair eile a thagann an Domhan agus é féin cóngarach
dá chéile. Tarlóidh sin sa bhliain 2003 i mí
Dheireadh Fómhair. Beidh an dá phláinéad chomh
cóngarach agus is féidir, beidh na hoícheanta níos
dorchaí agus beidh Mars níos airde sa spéir. Tá
amhras i gcónaí anseo in Éirinn faoin aimsir agus
mar sin de tá seans ann nach bhfeicimid Mars an t-am sin. Mar sin
de, is mithid dúinn dul amach an t-am seo le ceann de mhórthaispeántais
na Cruinne a fheiceáil.
Sanas: Ciliméadar
kilometre Éileapsóideach elliptical Fithis orbit Grad degree Léaslíne horizon Miotaseolaíocht mythology Spásairí astronauts Spásárthach space vessel Spásfheithiclí space vehicles
Tuilleadh eolais / Extra
information: BBC
Science - Mars
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|