THE SCIENCE OF THE UNIVERSE
Beocht sa Chruinne/Life
in the Universe
Tuesday 5 June 2001
An
bhfuilimid linn féin sa Chruinne nó an bhfuil duine nó
neach beo ar bith eile amuigh ansin? Sin ceann de mhórcheisteanna
na haoise seo agus níl freagra cinnte ar bith againn. Ach tá
leideanna meallacacha ann gur dócha go bhfuil beocht ann áit
éigin..

Tá an oiread sin réaltaí
sa Chruinne gur beag seans nach bhfuil réalta éigin
ann a bhfuil pláinéid aici atá ag an fhad cheart
ón réalta, atá ag an teocht ceart agus ar a
bhfuil uisce. Tá na réaltaí uilig eagraithe
i réaltraí. I réaltra s’againne (a dtugaimid
Bealach na Bó Finne air) tá tuairim is 100,000,000,000
réaltaí. Sin figiúr an-mhór ar doiligh
é a thuigbheáil mar is ceart. Smaoinigh air mar seo:
ghlacfadh sé seacht gcéad bliain ag duine amháin
iad uilig a chuntas. Agus sin déanta, tá 100,000,000,000
réaltraí eile sa Chruinne! I measc na réaltaí
sin uilig sa Chruinne caithfidh go bhfuil córas éigin
atá cosúil le Córas na Gréine agus ina
bhfuil pláinéad ar a bhfuil beocht.
Cionn is go bhfuil pláinéid
chomh beag sin agus cionn is nach n-astaíonn siad solas,
tá sé an-doiligh iad a fheiceáil. Ach le bliain
nó dhó anuas agus treallamh úr in úsáid
againn, tá fianaise ann go bhfuil pláinéid
coitianta ar fud na Cruinne. Meastar anois go bhfuil pláinéid
ag beagnach gach réalta. Agus tá a fhios againn go
bhfuil uisce sna réaltnéalta ina bhfuil réaltaí
úra á gcruthú; tá uisce riachtanach
má tá beocht le bheith ann.
Fiú i gCóras na Gréine
s’againne, tá fianaise go raibh beocht simplí
ar Mars. Ó am go céile titeann dreigít ar dhromchla
an domhain a thagann ó Mars. I gceann amháin acu siúd
tháinig eolaithe ar iarsmaí a meastar gur baictéir
iad, baictéir a bhí beo na céadta míle
bliain ó shin; b’fhéidir go bhfuil a leithéid
beo go fóill faoi dhromchla Mars.
Is smaoineamh é seo a spreagann
an tsamhlaíocht ionainn uilig. Is beag duine a rachadh amach
oíche réaltógach agus nach ndéanfadh
smaoineamh faoi cad é atá amuigh ansin. Agus b’fhéidir
gurb iad daoine óga is fearr a mbíonn smaoinimh mar
sin acu. Tá comórtas ann i láthair na huaire
do dhaltaí na hÉireann agus do dhaltaí na hEorpa
atá ag iarraidh orthu a gcuid barúlacha faoi bheocht
sa Chruinne a léiriú. Thiocfadh leo nuachtán
a chumadh nó aiste a scríobh nó ríomhshuíomh
a chumadh; d’fhéadfadh siad dráma a léiriú
nó píosa ealaíne a dhearadh nó filíocht
a scríobh. Is féidir le suas le ceathrar páiste
idir ceithre bliana déag agus ocht mbliana déag a
bheith i bhfoireann agus duine fásta leo. Tá an comórtas
seo faoi sheol anois ach b’fhéidir go bhfuil am ann
go fóill a bheith páirteach ann. Féach "Tuilleadh
eolais" thíos.
Más rud é go bhfuil
beocht ann, an amhlaidh go bhfuil na neacha sin ag tabhairt cúirte
orainn? An bhfuil an ceart acu siúd a deir gur tógadh
ar shiúl i spásfheithiclí iad? Sin ceist eile
ar ndóigh.
Sanas: Bealach na Bó Finne Milky Way An Chruinne the Universe Dreigít meteorite Réaltnéalta gas clouds Réaltra galaxy Spásfheithiclí space vessels
Tuilleadh eolais / Extra
information: Life In
The Universe
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|