THE SCIENCE OF THE UNIVERSE
Tomhas ama in Éirinn
/ Defining time in Ireland
Tá
sé luaite le muintir na hÉireann nach mbíonn mórán
airde acu ar am; gur minic a mbíonn siad mall d’ocáidí
agus do choinní. Ach an raibh a fhios agat go bhfuil bunús
eolaíochta leis an tréith seo?

Seo mar atá. Ní hionann
an t-am in Éirinn agus i Sasana agus bhí an difir
sin soiléir go dtí an bhliain 1916. Sa seanam bhunaigh
daoine a gcuid gnó ar an ghrian; an t-am a raibh an ghrian
ar a pointe is airde sa spéir, ba é sin an nóin
agus tugadh an mhaidin ar an am roimhe sin agus an iarnóin
ar an am ina dhiaidh. Ach ní hionann am is airde gréine
i ngach ceantar. Go dtí gur tharla an réabhlóid
tionsclaíoch san ochtú céad déag i Sasana,
bhí a am féin ag gach ceantar. Nuair a thosaigh taisteal
idir ceantracha ar an bhóthar iarainn bhí cothromacht
de dhíth agus socraíodh gurbh é an nóin
ar fud na Sasana an t-am is airde gréine os cionn na réadlainne
i Greenwich.
Rinneadh socrú cosúil
leis sin in Éirinn ach bhí nóin na hÉireann
bunaithe ar an am is airde gréine os cionn réadlann
Dunsink. Ach tá Dunsink níos faide siar ná
Greenwich. Éiríonn an ghrian san Oirthear agus gluaiseann
sí siar ag luas measartha tairiseach. Tarlaíonn sin
as siocair go rothlaíonn an Domhan fúithi agus glacann
sé 25 nóiméad agus 22 soicind ó ardphointe
na gréine os cionn Greenwich go hardphointe na gréine
os cionn Dunsink. Is ionann sin go raibh am na hÉireann níos
mó ná cúig nóiméad is fiche níos
moille ná am na Sasana.
Mhair am na hÉireann mar
seo go dtí 1916 nuair a socraíodh go nglacfaí
le ham Greenwich (GMT) in Éirinn. Is ionann sin is a rá
go dtarlaíonn nóin s’againne díreach
i ndiaidh cúig is fiche i ndiaidh a dó dhéag
sa Gheimhreadh (agus i ndiaidh cúig is fiche i ndiaidh a
haon a chlog sa Samhradh).
Ach tá lúb sa scéal
go fóill. Luaigh mé gur bhog an ghrian sa spéir
ag ráta tairiseach. Ní raibh an ceart go hiomlán
agam. Rothlaíonn an Domhan thart ar an ghrian i bhfithis
nach bhfuil ciorclach; bíonn an fhithis éileapsóideach.
Chan amháin sin, níl ais rothlaithe an Domhain ingearach
le plána rothlaithe an Domhain thart ar an ghrian. Is ionann
sin is go n-athraíonn luas na gréine sa spéir
pas beag ó lá go lá i rith na bliana; mar sin
de, athraíonn fad an lae. Ag aimsir na Nollag, mar shampla,
maireann an lá fiche soicind níos faide ná
ceithre uair fichead agus i lár Mheán Fhómhair,
bíonn sé fiche soicind níos giorra ná
ceithre uair fichead. Go dtáinig ré na cumarsáide
leictreonach ba chuma fá na difríochtaí beaga
seo.
Ach anois, nuair atá satailítí
cumarsáide ag brath ar a bheith ábalta am a ríomh
le cruinneas níos fearr na nanasoicindí (is ionann
nanasoicind agus 0.000000001 soicind) is barraíocht na difríochtaí
seo agus bhí ar eolaithe am a bhunú ar éifeacht
atá níos tairisí. Rinneadh sainiú úr
ar an soicind sa bhliain 1967. In áit é mar 1/86400
den lá, tá sé anois bunaithe ar an radaíocht
a thagann ó dhá leibhéal éagsúil
san adamh caeisiam. Ní athraíonn seo agus mar sin
de, tá sé tairiseach ar fud an Domhain agus ó
bhliain go bliain.
Anseo in Éirinn, i dtaca
le ham uaireadóra de, tagann an caighdeán ó
Shasana chugainn go fóill. B’fhéidir, go fochomhfhiosach,
gur cuimhin linn an t-am a bhí muid neamhspleách agus
ár n-am féin againn agus an t-am sin cúig nóiméad
is fiche níos moille ná am na Sasana. Agus sin, b’fhéidir,
an fáth gur minic mall muid ag ócáidí
áirithe.
Sanas:
Ais axis Caeisiam caesium Éileapsóideach elliptical Fithis orbit Ingearach perpendicular Réadlann observatory Rothlaíonn rotate Sainiú definition Tairiseach constant
Tuilleadh eolais: A
Walk Through Time How Stuff
Works sundials.co.uk Royal Observatory
Greenwich
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|