THE SCIENCE OF THE UNIVERSE
Cóiméad úr
sa spéir / A New Comet in the Sky
Tá
cóiméad úr sa spéir anocht agus gach oíche
go cionn seachtain nó dhó eile. Is é an cóiméad
is gile é ó bhí Hale-Bopp le feiceáil sa bhliain
1997, gidh nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith chomh geal leis.

Tháinig sé chugainn
go tobann; ní raibh muid ag dúil leis agus theip ar
na hinnill uathoibríocha cuardaíochta teacht air.
Beirt réalteolaí, duine sa tSeapáin agus duine
eile sa tSín a tháinig air agus iadsan a ba chiontaigh
lena ainm – Ikeya-Zhang.
Má bhíonn tú amuigh faoin tuath
in Éirinn agus oíche ghlan ann, beidh tú i ndán
é a fheiceáil gan gléas ar bith ach caithfidh tú
fios a bheith agat cá bhfuil sé nó níl ann
ach go mbeidh tú ábalta é a dhéanamh amach.
Idir a seacht a chlog agus a hocht, cuardaigh sa spéir thiar thart
fá thríocha céim os cionn na léaslíne.
Más sa chathair atá tú beidh cuidiú de dhíth
ort nó bíonn spéir na cathrach truaillithe ag solas;
ach le déshúiligh, ba cheart go mbeadh an cóiméad
soiléir go leor. Ach tá sé ag éirí
níos cóngaraí don ghrian agus mar sin de, beidh sé
as radharc i gcionn cúpla seachtain. Tamall gairid eile, beidh
sé ar thaobh eile na gréine agus beidh sé le feiceáil
san oirthear go gairid roimh bhreacadh an lae.
Agus tú ag amharc air, chífidh
tú réad atá cosúil le réalta
ach a bhfuil ruball fada aige. An rud is cúis leis an ruball
ná go bhfuil teas na gréine ag leá cuid den
oighear. Féadann tú a rá nach bhfuil i gcóimeád
ach liathróid sneachta mhór idir ciliméadar
amháin agus fiche ciliméadar ar thrastomhas. Éalaíonn
na cáithníní uisce ó dhromchla an chóiméid
agus fánann siad thart air mar chineál atmaisféar,
rud ar a dtugtar an coma agus atá thart fá mhilliúin
cileaméadar trasna. Séideann radaíocht na gréine
cuid den atmaisféar siar agus sin an ruball. Bíonn
an ruball suas le deich milliúin cileaméadar ar fad.
Is é an coma agus an ruball a fheicfidh tú má
amharcann tú ar Ikeya-Zhang anocht.
Nuair a cruthaíodh Córas na Gréine,
thart fá cheithre bhilliúin go leith bliain ó shin,
fágadh ábhar nár chomhdhlúthaigh mar néal
mór thart air. Tá cuid den ábhar sin ann go fóill
i bhfad níos faide ar shiúl uainn na Plútón.
Tugtar néal Oort ar an ábhar seo. Ó am go chéile,
buaileann cúpla réad sa néal seo le chéile,
nó tagann réad ó thaobh amuigh de Chóras na
Gréine isteach; cibé, leagtar amach as a fhithis é
agus titeann sé i dtreo na gréine. Téann sé
thart ar an ghrian agus amach arís i bhfithis atá an-fhada
agus maireann seo go dtí go dtiteann sé as a chéile
nó go mbuaileann sé pláinéad éigin
(mar a rinne Shoemaker-Levy sa bhliain 1994).
Dála an scéil, níl
seans ar bith go mbuailfidh Ikeya-Zhang an Domhan; ní thiocfaidh
sé níos cóngaraí dúinn ná
tríocha a seacht milliúin cileaméadar.
Maireann cuid de na fithisí
seo chomh fada sin nach bhfuil trácht ar bith againn orthu
nuair a bhí siad linn go deireannach. Meastar go maireann
cuid de na fithisí níos faide na míle bliain.
Táimid cinnte de choimeád Halley a bhí anseo
sa bhliain 1986 agus a bheidh ar ais sa bhliain 2061. An rud is
suimiúla faoi Ikeya-Zhang ná go bhfuil a fhios againn
go raibh sé linn go deireannach sa bhliain 1661. Is ionann
sin ná go maireann an fhithis 341 bliain. Sin an fhithis
is faide a bhfuilimid cinnte de i measc na gcóiméad.
Ní thagann cóiméid chomh minic sin
agus ní fheicfear an ceann seo arís go dtí an bhliain
2343. Ná caill an t-áiméar; tóg leat na déshúiligh
agus cuardaigh é.
Sanas:
Cáithníní particles Cóiméad comet Comhdhlúthaigh condensed Déshúiligh binoculars Fithis orbit Léaslíne horizon Trastomhas diameter Uathoibríoch automatic
Tuilleadh eolais: BBC
News The Nine Planets
Solarviews.com
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|