THE SCIENCE OF THE UNIVERSE
Dath na Cruinne / The Colour
of the Universe
Tháinig
scéala amach le déanaí gur chuir taighdeoirí
dath leis an Chruinne – agus go bhfuil dath béis uirthi.
I mí Eanáir, thuairisc na taighdeoirí céanna
go raibh dath turcaide uirthi. Ach an t-am seo, d’admhaigh siad
go raibh dul amú orthu an chéad uair agus gurbh é
dath béis an dath ceart. Chuir siad an locht ar fhabht sa bhogearraí
a d’úsáid siad leis na dathanna uilig a chur le chéile.

An rud a rinne siad ná gur
chuir siad le chéile an solas atá ag teacht chugainn
ó thart fá dhá chéad mhíle réaltraí
atá níos cóngaraí dúinn ná
dhá bhilliún solasbhliain. Bíonn a dhath féin
ag gach réalta agus sin ag brath ar theocht na réalta.
Má bhíonn réalta measartha fionnuar, thart
fá cheithre mhíle céim Celsius, bíonn
dath dearg uirthi. Tá Betelgeuse mar seo agus is furasta
í a fheiceáil ar ghualann chlé an Bhodaigh
(Orion) agus tú ag amharc air. Má bhíonn réalta
iontach te, thart fá chaoga míle céim Celsius,
bíonn dath gorm uirthi. Tá ceann mar seo sa Bhodach
fosta. Is féidir Rigel a fheiceáil ar chos dheis an
Bhodaigh (arís agus tú ag amharc air). Bíonn
na dathanna seo soiléir go leor má úsáideann
tú déshúiligh lená scrúdú.
Bíonn dathanna na réaltaí uilig idir an dá
dhath seo.
Ní fheicimidne dath seo
na Cruinne ar ndóigh nuair a amharcaimid ar an spéir
nó níl déine an tsolais mór go leor.
Nuair atá déine íseal solais ann caillimid
ábaltacht dathanna a fheiceáil; níl ár
gcuid súl íogair go leor. Sin an fáth go dtagann
dath liath ar an timpeallacht nuair a thagann clapsholas.
I ngach réaltra, bíonn
suas le céad billiún réalta agus mar sin de,
bíonn dath ar an réaltra ag brath ar dhathanna na
réaltaí, dath nach bhfeicimid. Ach is féidir
le gléasraí réalteolaíochta an lae inniu
an dath a dhéanamh amach. Agus nuair a chuir na taighdeoirí
dathanna na réaltraí uilig le chéile, sin mar
a tháinig siad ar an dath béis.
Cad a b’fhiú a saothar
dóibh? Is féidir an dath seo a úsáid
le hidirdhealú a dhéanamh idir teoiricí a bhaineann
leis an dóigh a cruthaíodh an Chruinne. Glactar leis
go forleathan gur tharla an Ollphléasc thart fá dhá
bhilliúin déag bliain ó shin agus gur spréigh
gach réad ón áit inar tharla an pléascadh
sin. Ar dtús bhí an Chruinne ró-the agus níor
cruthaíodh ach cáithníní. Níos
moille anonn, chomhdhlúthaigh na réaltaí ó
na cáithníní seo. Ach nílimid cinnte
cá huair a cruthaíodh bunús na réaltaí
agus cá mhéid de na céad réaltaí
seo atá thart go fóill. As siocair go n-athraíonn
dath réaltaí le haois, agus gur dócha dath
dearg ar na réaltaí is sine, is féidir barúil
a fháil ar cá mhéad de na réaltaí
luatha seo atá thart go fóill má bhíonn
a fhios againn cad é dath na Cruinne anois.
De réir mar a scrúdaímid
an spéir, is amhlaidh a thagann eolas chugainn faoin dóigh
a thosaigh an Chruinne agus cad é mar a d’fhorbair
sí ó shin. Agus b’fhéidir, fosta, go
mbeidh barúil againn faoi cad é atá i ndán
don Chruinne (agus dúinn féin) amach anseo.
Sanas:
Béas (dath béis) beige Bogearraí software Cáithníní particles An Chruinne The Universe Comhdhlúthaigh condensed Déine intensity Déshúiligh binoculars Fabht bug Íogair sensitive Ollphléasc Big Bang Réad object Réaltra galaxy Solasbhliain light year Turcaid turquoise
Tuilleadh eolais: The
New Scientist
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|