THE SCIENCE OF THE UNIVERSE
Fisic na gCartún/The Physics of Cartoons
Bíonn
físchluichí go minic á n-imirt ag aos óg an
lae inniu agus is dócha nach smaoiníonn siad in am ar bith
nach ionann dlite fisice sna cluichí seo agus san fhíorshaol.
Ach ní scéal úr ar bith é seo. Ó thosaigh
ré na gcartún le Steamboat Willie i dtríochaidí
an chéid dheireanaigh rinneadh feall go mór ar dhlite fisice.
Smaoinigh ar chartún ar bith ina bhfuil Tom agus Jerry nó
Wile E Coyote agus tchífidh tú dlite fisice curtha ar ceal.

Ach in áit dlite fisice
an tsaoil, cumadh dlite fisice eile a bhain le cartún ar
bith. Níl áit anseo le cur síos ach ar chuid
acu.
1 Má ritheann carachtar
ar bith ó bharr aille nó ó bharr fhoirgnimh,
ní thiteann sé ar an toirt. Is féidir leis
fanacht san aer go dtí go dtugann sé faoi deara nach
bhfuil taca faoi. Ansin titeann sé ag ráta i bhfad
níos mó ná mar atá san fhíorshaol.
(Féach dlí a deich)
2 Más mian le carachtar
eitilt, níl de dhíth air ach cleite amháin
i ngach lámh.
3 Nuair a théann carachtar
fríd bhalla fágann sé ina dhiaidh poll sa bhalla
atá díreach ar chóimhéid lena chorp.
4 Nuair a ritheann carachtar go
gasta, ní gá go mbainfeadh a chosa den talamh; is
leor go rothlaíonn siad go gasta san aer.
5 Má pheinteáiltear
béal tolláin ar bhalla, is féidir le carachtar
maith dul fríd ach ní féidir le neach ar bith
atá sa tóir air. Ach is féidir le traen teacht
amach as leis an tóraitheoir a scrios.
6 Ní féidir cat a
mharú. Is cuma cad é an tubaiste a tharlaíonn
do chat, ní dhéanann sé ach é féin
a chroitheadh agus tagann a chruth ar ais.
7 Má thiteann pianó
ar mhullach chait, déantar méarchlár de dhéad
an chait agus is féidir tiúin a bhaint as.
8 Nuair a sháitear biorán
i dtóin charachtair, téann sé in airde ag ráta
atá an-ghasta, in éadan imtharraingthe an domhain.
9 Ní dhéanann buamaí
dochar buan ar bith do charachtar ar bith; fágtar iad dubh
agus smálaithe b’fhéidir.
10 Nuair a thiteann carachtar,
ní thiteann gach ball den chorp ag an am amháin. Titeann
na cosa i dtús agus síneann an chuid eile den chorp.
Ansin titeann an cholainn agus síneann an muineál.
Sa deireadh, titeann an cloigeann agus tagann an corp le chéile
san aer.
11 Bíonn poill iniompraithe;
is féidir poll a iompar ó áit amháin
go háit eile.
12 Má bhíonn bóthar
fada folamh go léaslíne, is cinnte go bhfuil leoraí
nó a leithéid ar an bhóthar i ngach áit
ag an am amháin ach é dofheicthe. Agus chomh luath
is a chuireann carachtar cos áit ar bith ar an bhóthar,
cruthaítear an leoraí agus leagtar an carachtar.
13 Nuair a shlogann carachtar gás
de chineál ar bith, éiríonn a dhlús
níos lú ná dlús an aeir agus imíonn
sé suas san aer. Má chuirtear poll ann le biorán,
déantar roicéad de.
Ní tharlaíonn amaidí
mar seo i bhfíschluichí (fiú má chuireann
an cineál sin grinn lenár bpléisiúr).
Ar eagla go ndéanfadh siad ábhar magaidh dóibh
féin amach anseo, tá cruthaitheoirí na bhfíschluichí
anois ag iarraidh dlite fisice a thabhairt isteach ina gcuid cluichí.
Úsáideann siad bogearraí ar a dtugtar "inneall
fisice" le seo a dhéanamh agus seachnaíonn siad
na cleasanna thuasluaite.
Nach mór an chaill!
Sanas:
Dlús density Bogearraí software Fisic Physics Imtharraingt gravity Léaslíne horizon Méarchlár keyboard Roicéad rocket Rothlaíonn rotate Tóraitheoir pursuer
Tuilleadh eolais: The
Funny Pages BBC
News - Science/Tech
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|