BBC
2001-2002 18 Nollaig
Cártaí Nollag
Agus
tú ag léamh an ailt seo, tá gach seans ann gur chuir
tú agus gur cuireadh chugat cártaí Nollag. Sin nó
is duine corr thú thar an choiteann (agus níl mé
ag fáil lochta ar a bheith corr!). Ach ar smaoinigh tú ariamh
cad chuige a chuireann tú cártaí, cad é mar
a roghnaíonn tú daoine le cártaí a chur chucu
agus cad é a deir na cártaí a chuireann tú
fá dtaobh duit féin is do dhearcadh?
De réir na socheolaithe, is nós meánaicmeach
é cártaí Nollag a chur. Bíonn daoine meánaicmeacha
scartha óna gcairde is óna ngaolta agus úsáideann
siad cártaí Nollag le cumarsáid a dhéanamh
leo agus an teagmháil a choinneáil beo. Bíonn cairde
agus gaolta ag daoine den aicme oibre ina gcónaí cóngarach
dá chéile agus cad is fiú cárta a chur chuig
duine a castar ort go minic? Ach tá mé féin in amhras
faoin teoiric seo. B’fhéidir gur mar sin a thosaigh an nós
níos mó ná céad go leith bliain ó shin
ach sílim go gcuireann formhór na ndaoine anois iad.
Agus má fhaigheann tú cárta, mothaíonn
tú go minic gur gá duit cárta a chur. Tagann eagla
ort i gcónaí lá nó dhó roimh an Nollaig
ar eagla go bhfaighfidh tú cártaí ó dhaoine
nár chuir tú cártaí chucu. Ach níl
sin amhlaigh i gcónaí. Má chuireann tú cárta
chuig duine agus gan cheann a fháil ar ais, léiríonn
sin, dá réir na socheolaithe arís, nach den aicme
céanna sibh agus gur dócha go mothaíonn an duine
sin gur d’aicme níos airde é nó í. Agus
má fhaigheann tú féin cárta ó dhuine
nach mian leat ceann a chur ar ais chuige nó chuici, sin comhartha
go bhfuil an duine sin ag iarraidh d’fhabhar a tharraing air nó
uirthi féin.
Bíonn fadhb ann i gcónaí
fán chineál cárta le cur. Deirtear go léiríonn
tú cuid mhór de do phearsantacht tríd an chineál
cárta a chuireann tú. Is féidir cárta
féin-déanta a chur – léiríonn
sin go bhfuil tú saibhir agus neart ama saor agat agus go
bhfuil ardmheas agat ar an duine chuig a chuireann tú an
cárta. Má chuireann tú cárta le grianghraf,
grianghraf teaghlaigh nó grianghraf tí, bíonn
tú ag iarraidh cur le d’íomhá. Más
mian leat a léiriú gur duine flaithiúil thú
agus go gcreideann tú i gcothromacht an chine dhaonna cuirfidh
tú cártaí ó chumainn charthanachta.
Agus más tábhacht leat creideamh eaglasta agus gur
mhaith leat sin a chur in iúl do dhaoine, tá neart
cártaí diagachta ar fáil.
Tá réimse leathan
cártaí ann agus is féidir le daoine cibé
cineál cárta ar mian leo a roghnú. Ach más
Gael thú agus más mian leat cártaí i
nGaeilge a chur, níl an rogha chomh maith agus is féidir.
Agus más Gael thú agus gan suim agat i gcártaí
eaglasta, is beag uilig an rogha a bhíonn agat. Nach bhfuil
sé in am ag tairgeoir cártaí éigin rogha
mhaith cártaí a chur os ár gcomhair?
Ach is cuma fá na deacrachtaí a bhaineann
le cártaí Nollag. Is soiléir go gcreidtear gur nós
tábhachtach é seo nó tá líon na gcártaí
a cuirtear ag dul in airde ó bhliain go bliain. Agus níl
fianaise ar bith ann go fóill go bhfuil an t-idirlíon ag
cur isteach ar nós seo na Nollag.
Sanas:
D’fhabhar a tharraing air féin ingratiate
himself with you Meánaicmeach middle class Socheolaithe sociologists Tairgeoir producer
Tuilleadh eolais: http://www.livaudaisnet.com/xmascard01.htm http://www.aps.org/apsnews/1299/129919.html http://news.bbc.co.uk/hi/english/uk/newsid_564000/564665.stm
|