Eolaíocht na Nollag
/The Science of Christmas
Tuesday
19th December 2000
Síleann an saol mór
go bhfuil am breá ag San Nioclás ag carnadh bréagán
i rith na bliana agus á ndáileadh in oíche
amháin uair amháin sa bhliain. Ach má oibríonn
tú amach cad é go díreach atá le déanamh
aige Oíche Nollag, is díol trua é i ndáiríre.
Seo iad na statisticí: tá dhá bhilliún
páiste beo ar fud an domhain inniu. Ní bhacann San Nioclás
leo siúd nach Críostaithe iad. Fágann sin 378 milliún.
Meastar go mbíonn 3.5 páiste ar an mheánmhéid
i ngach teach. Is é sin tuairim is céad milliún tithe
a chaithfidh sé cuairt a thabhairt orthu.
Má théann sé siar, is é sin
in aon treo le rothlú an domhain, bíonn 31 uair a chloig
aige leis an obair seo a dhéanamh. Is é sin ná go
gcaithfidh sé níos mó ná ocht gcéad
cuairt a dhéanamh gach soicind. Is féidir a oibriú
amach cá fhad óna chéile iad na tithe seo agus an
méid ama atá ag San Nioclás le dul ó theach
go teach. Ciallaíonn seo go gcaithfidh luas de 650 míle
sa soicind a bheith aige agus a charr sleamhnáin. Agus ag an luas
seo, beidh tormán sonach láidir uaidh.
Agus seo gan tracht ar an lastas
aige. Go fiú muna bhfaigheann gach páiste ach bronntanas
beag ar mhais dhá phunt, abair, beidh 320,000 tonna á
iompar ag San Nioclás agus a chuid réinfhianna. Fiú
agus réinfhianna draíochta aige agus iad deich n-oiread
chomh láidir le gnáth-réinfhianna, abair, bheadh
níos mó ná dhá chéad míle
réinfhianna de dhíth air.
Le meáchan den mhéid seo ag an luas seo,
cruthaítear teas mhillteanach tré fhrithchuimilt leis an
aer. Agus de bharr na frithchuimilte seo, ba cheart go ndófar an
uile neach acu agus iad ag taisteal fríd an aer.
Ach seo an mhiorúilt. Faigheann
páistí a gcuid bronntanas gach bliain. Mar eolaithe,
caithfimid glacadh leis an fhianaise seo. Caithfidh go bhfuil cosaint
éigin ag San Nioclás. Caithfidh, mar sin, go bhfuil
dlíthe eolaíochta ann nach dtuigimid go hiomlán.
Tá leid againn ó mheicnic chandamach. Mar
chuid den teoiric seo, is féidir le cuid mhór neamhfhéideartheachtaí
tarlú a fhad is nach bhfuil duine ar bith ag amharc. Chomh luath
agus atá fianaise ann, leacaíonn na neamhfheideartheachtaí
seo. B’fhéidir, gurb é sin an fáth, go bhfuil
an traidisiún ann nach bhfuil cead againn spíodóireacht
a dhéanamh ar Shan Nioclás. Má fheicimid é,
téaltóidh sé go deo.
Mar sin de, ar eagla na heagla,
ná fanaimid ar ár gcois Oíche Nollag. Téimid
a luí go luath agus ná cuirimid deacracht ar bith
roimhe. Nó b’fhéidir go scriosfaimis San Nioclás
agus an tradisiún uilig atá ceangailte leis.
Nollaig shona daoibh go léir.
Sanas/Vocabulary:
Frithchuimilt friction Leacaíonn collapses Mais mass Meicnic chandamach quantum mechanics Neamhfheideartheachtaí impossibilities Rothlú rotation Tealtóidh sé he will disappear Tormán sonach sonic boom
Tuilleadh eolais / Extra
information: "Can reindeer fly? – the science of Christmas"
le Roger Highfield foilsithe ag Metro books 1998 ISBN 1-900512-44-0
http://www.xs4all.nl/~jcdverha/scijokes/2_8.html
|