An
Fhilíocht agus an Eolaíocht / Poetry and Science
Tuesday
7th November 2000
Nuair a smaoiníonn tú
ar an bhun-chuspóir atá ag an fhilíocht agus
ag an eolaíocht, is iontach nach bhfuil níos mó
ceangail eatarthu. Tá sé mar aidhm ag an bheirt acu
ciall a bhaint as ár dtaithí ar an domhan agus cur
lenár dtuigbháil air. Agus tá an tsamhlaíocht
phearsanta thábhachtach sna fiontair seo.
Idir ré na nGréagach agus an séú
céad déag, ní raibh idirdhealú idir an dá
ghné seo. Tugadh "Fealsúnacht Nádúrach"
ar an eolaíocht agus síleadh go raibh níos mó
tábhachta le fealsúnacht, le smaointeoireacht agus leis
na Scriptiúir ná le scrúdú agus breathnú
nuair a bhí daoine ag iarraidh teacht ar na fírinní.
Tá seo le sonrú i bhfilíocht Lucretius thart fá
50 R.Ch. agus i ndánta Dante Alighieri thart fá 1300 I.Ch.
Ach le réabhlóid
Chopernicus sa séú céad déag, briseadh
an ceangal seo. Chonacthas go raibh fírinní ann nach
raibh sa Bhíobla; le teacht ar shonraí, bhí
ar eolaithe an phríomháit a thabhairt don bhreathnú
agus shíl daoine (agus filí go háirithe) nach
raibh páirt ar bith fágtha don tsamhlaíocht
san eolaíocht. Tá an deighilt seo le sonrú
idir Donne ag scríobh sa bhliain 1572 agus é ag moladh
na heolaíochta úire seo agus Milton sa bhliain 1630
ag cur milleáin ar an eolaíocht.
Idir sin agus an fichiú aois, leanann filí
an Bhéarla don tiúin chéanna, ag moladh cumhacht
na samhlaíochta agus ag cáineadh na heolaíochta.
Dúirt Coleridge san naoú céad déag, mar shampla,
gurb ionann anamacha chúig chéad Isaac Newton agus anam
Shakespeare amháin.
Ag tús na haoise seo caite, tháinig athrú
meoin arís agus tugadh tús áite don eolaíocht
i saol intleachta na haimsire sin. Bhí borradh iontach i measc
eolaithe, go háirithe iad siúd a bhí ag obair ar
an Fhisic. Dúirt an file W.H. Auden sna tríochaidí
nuair a casadh eolaithe air, gur mhothuigh sé mar mhinistir chúnta
ghiobach i seomra suite lán diúc. Agus tá íomhánna
na heolaíochta le sonrú i bhfilíocht Robert Frost
go háirithe, agus é ag scríobh sna tríochaidí
fosta.
Ag tús na haoise úire seo, tá an
eolaíocht agus an fhilíocht ag teacht le chéile arís.
Chítear anois nach bhfuil cinnteacht ar bith taobh thiar den eolaíocht
agus go gcaithfidh samhlaíocht ar leith a bheith ag eolaithe an
lae inniu más mian leo fionnachtana ar bith a aimsiú. Agus
de thairbhe sin, b’fhéidir, is scríobhnóirí
próis maithe, oilte, suimiúla cuid de phríomheolaithe
an lae inniu. Ní fios dom gur scríobh duine ar bith acu
filíocht fiúntach go fóill, ach ní fada uainn
an t-am a mbeidh cumas filíochta ag eolaí clúiteach
éigin.
Tuilleadh eolais / For
more information: http://www.cswnet.com/~erin/ed13.htm
Sanas:
Breathnú observation Fealsúnacht nádúrach natural
philosophy Fionnachtana discoveries
|