18 Mí na Samhna
2003
Beathaitheacht
/ Obesity
Tá daonra an domhain tionsclaíoch
róthrom; fiú muna mbaineann seo le gach duine nó
le gach áit, baineann sé le go leor le go n-aithnímid
gur fadhb mhór sláinte í. Le fiche bliain anuas,
d’ardaigh líon na ndaoine sna hoileáin seo atá
beathaitheach trí oiread agus meastar go mbeidh daichead faoin
gcéad den daonra beathaitheach i gcionn tríocha bliain eile.

Tá sainmhíniú ann ar an bheathaitheacht
agus is féidir leat féin fáil amach go furasta cé
acu an bhfuil tú féin gafa leis. Caithfidh tú meá
ar a dtugtar maismheá choirp (MMC) a ríomh. Baineann sé
le do mheáchan agus d’airde. Fáigh amach do mheáchan
i gcileagram (m) agus rann é ar d’airde i méadair
(a) agus é cearnaithe. Seo an fhoirmle:
MMC = m/a2
Mar shampla, más duine thú
atá 5’ 10’’ (1.78 méadar) ar airde
agus fiche cloch (128 kg) ar mheáchan:
MMC = 128/(1.78)2 = 40.4
Ba cheart go raibh an figiúr
seo idir 18.5 agus 24.9. Más idir 25 agus 29.9 atá
sé tá tú róthrom agus más os
cionn 30 tá tú beathaitheach.
I Meiriceá, ar na figiúrí seo, tá
59% d’fhir róthrom nó beathaitheach agus tá
20% den daonra iomlán beathaitheach. Seo méadú suntasach
le fiche bliain anuas.
Cad chuige? Go bunúsach tá i bhfad barraíocht bia
á ithe againn. Tarlaíonn sé nuair a thugtar isteach
sa chorp níos mó fuinnimh ná mar atá á
chur amach agus nuair a mhaireann an cleachtadh seo. Tosaíonn sé
agus sinn óg (tá 16% de pháistí idir 6 bliana
d’aois agus 16 beathaitheach sna hoileáin seo sa lá
inniu). Níl páistí gníomhach go leor agus
itheann siad barraíocht ach is í an phríomhfhadhb
ná go bhfuil an bia féin róshaibhir. Bíonn
i bhfad barraíocht fuinnimh ann, go háirithe sa bhia ar
a dtugtar mearbhia. Bíonn caoga faoin gcéad níos
mó fuinnimh i mearbhéile ná i mbéile traidisiúnta
ach ní bhíonn cuma ar an bhéile gur barraíocht
é. Níl coirp s’againne ábalta bia chomh saibhir
seo a ithe mar is ceart, nó tá córas díleá
s’againne bunaithe ar an bhia bhocht atá le fáil go
fóill sna réigiúin den domhan atá bocht. Agus
leanann na nósanna itheacháin a bhíonn againne agus
muid óg, leanann siad muid rith ár saol.
Fadhb eile atá ceangailte
leis an mhearbhia seo ná go mbíonn páistí
faoi bhrú ó na meáin chumarsáide agus
go mbíonn cuid de na comhlachtaí bia ag iarraidh nasc
a dhéanamh idir bia s’acu agus aclaíocht.
Bíonn cuid mhór deacrachtaí
sláinte bainteach le beathaitheacht agus bíonn an-seans
go bhfaighidh daoine atá gafa leis bás go luath. Go
minic buaileann diaibéiteas iad nó ard-bhrú
fola nó galair chroí nó stróc nó
ailse drólainne agus ailse próstatach ag fir nó
ailse bhrollaigh ag mná.
Aithnítear go forleathan anois go bhfuil fadhb
againn. Tá grúpa eolaithe agus daoine acadúla i ndiaidh
fógra a chur amach i Sasana ag iarraidh orthu siúd a rialaíonn
sochaí s’againn rud éigin a dhéanamh le cúlú
a chur ar fhás seo na beathaitheachta. B’fhéidir go
dtiocfaidh rud éigin as ach is láidir iad na heagraíochtaí
atá ag brú ina n-éadan .
Sanas:
Beathaitheacht
obesity Córas díleá digestive system Diaibéiteas diabetes Drólann colon Mearbhia fast food Maismheá choirp body mass index Próstatach prostate Sainmhíniú definition Stróc stroke
Tuilleadh eolais
http://www.weight.com/definition.asp
http://www.mrc.ac.uk/index/public-interest/public-news-4/public-fast_food.htm
http://www.mrc.ac.uk/index/public-interest/public-news-4/public-
obesity_action.htm
http://newsvote.bbc.co.uk/mpapps/pagetools/
print/news.bbc.co.uk/1/hi/sci/tech/3191521.stm
Éist le cinnlínte eolaíochta
Chormaic

|