09ú
Mí na Nollaig 2003
Ceol
agus an Nollaig / Music and Christmas
Bíonn ceol i gcónaí tábhachtach inár
saolta ach ag an am seo bliana tá sé níos tábhachtaí
fós agus in amanna ar dhóigheanna nach dtugaimid faoi deara.
Is beag duine nach maith leis nó
léi carúil; bíonn siad ceangailte le draíocht
na Nollag mar a mhothaímid í agus sinn óg.
Bíonn a fhios againn go bhfuil an Nollaig ag tarraingt orainn
nuair a chloisimid iad don chéad uair. Ní hiad na
carúil amháin a cheoltar ag an Nollaig; bíonn
cineál popcheoil roghnaithe againn fosta. Agus go minic is
ceol é seo nach dtoghfaí ag am ar bith eile den bhliain.
“All I want for Christmas is my two front teeth” le
Spike Jones 1948; nó “Dominique” leis an bhean
rialta cheolmhar 1963; nó “Merry Christmas everyone”
le Slade sna 70í. Tagann cuid acu ar ais gach bliain, Slade
mar shampla agus ar ndóigh “White Christmas”
le Bing Crosby. Ach fiú más fuath linn iad, cothaíonn
siad atmaisféar na Nollag nuair a chloisimid iad.
Ach tá cumhacht eile ag ceol. Bíonn tionchar
aige orainn i nganfhios dúinn. De réir taighde ó
Ollscoil Leicester ar na mallaibh, bíonn an méid airgid
a chaithimid i mbialann ag brath ar an chineál ceoil; má
bhíonn ceol claisiceach á sheinm caithfidh daoine níos
mó airgid; más “muzak” atá ann, caithfidh
siad níos lú; más popcheol, ní bhíonn
athrú ar bith. D’fhionn an fhoireann céanna go gceannaíonn
daoine níos mó fíon na Fraince nuair a bhíonn
ceol Francach á sheinm agus mar aon go ndíoltar níos
mó fíon na Gearmáine má sheinntear ceol Gearmánach.
Tá taighde á dhéanamh san Iosrael a léiríonn
go mbíonn níos mó taismí bóthair ag
tiománaithe a bhfuil ceol gasta á sheinm acu ná mar
a bhíonn acu siúd a éisteann le ceol mall. Bíonn
sé níos fusa ag daoine fanacht i seomra faire má
bhíonn ceol mall á sheinm nó measann siad nach fada
an t-am ag dhul thart.
Agus ní ar an chine daonna amháin atá
an tionchar seo. Tá a fhios againn go mbíonn toirt an bhainne
ó eallaigh ag brath ar cheol; thairgeann siad níos mó
má chloiseann siad ceol mall le Beethoven agus iad á mbleán
ach is fuath leo na Beatles, is cosúil.
Tá réimse úr
taighde ag fás anois atá ag soiléiriú
an tionchar fochomhfhiosach a bhíonn ag ceol orainne agus
ar ainmhithe. Cheana, tá a fhios againn gur féidir
le ceol pian a laghdú, imní a mhaolú, iompar
a bhisiú agus dianmhachnamh a dhoimhniú
Tá an t-eolas seo uilig
ag lucht siopaí agus úsáideann siad é,
go háirithe ag an am seo bliana nuair a bhíonn níos
mo airgid á chaitheamh againn. Cuireann siad amach ceol na
Nollag nó tá a fhios acu go mbíonn sin ceangailte
inár n-intinní le sonas agus sástacht. Moilleann
ceol an ráta siúil in ollmhargadh agus tá a
fhios againn go gceannaíonn daoine níos mó
agus iad ag siúl go fadálach.
Nár mhaith an mhaise dúinn
uilig dá bhfanfadh siad go tús mhí na Nollag
ar a laghad?
Nollaig shona duit.
Sanas
Dianmhachnamh
concentration D’fhionn discovered Fochomhfhiosach subconscious Iompar behaviour Taighde research Toirt volume
Tuilleadh eolais
www.guardian.co.uk/print/0,3858,4806538-110760,00.html
|