An Ball Beag Dubh/Little Black Number
9 Samhain 2005
Is oth liom é a admháil ach bhí an ceart riamh ag
na mná. Is é sin nuair a mhionnaigh siad gur chuir an ball
beag dubh cuma nó cruth níos tanaí orthu. Sin an
fáth go mbíonn ar a laghad BBD amháin sa chófra
ag gach bean. Cad é an rud é an “ball beag dubh”?
Sin an rud ar a dtugtar an LBN (Little Black Number) sa Bhéarla.
Sin an gúna beag dubh atá i leataobh d’ócáidí
speisialta; an gúna a thugann mothú ar leith do na mná
agus ball éadaigh a théann go maith le cuid mhór
dá réimse éadaigh. Áilleacht agus solúbthacht
le chéile.
Dá
réir an New Scientist, tá ciall eolaíochta leis an
chreideamh daingean seo ag na mná.
Leis seo a mhíniú, caithfimid solas a thuiscint. Nuair a
amharcaimid ar sholas bán na gréine, feicimid cuid mhór
dathanna ach ní aithnímid sin. Bíonn na dathanna
seo uilig meascaithe le chéile agus feiceann an tsúil agus
an inchinn daonna iad mar dhath bán. Más féidir linn
na dathanna a scarúint óna chéile, ansin feicimid
na dathanna éagsúla. Tarlaíonn seo nuair a chruthaítear
tuar ceatha. Dá réir Isaac Newton, tá seacht bpríomhdhath
ann (dearg, oráiste, buí, glas, gorm, indeagó agus
vialait) ach an bhfaca tú iad uilig riamh? Tá sé
cinn ann go cinnte sa tuar ceatha ach shíl Newton go raibh tábhacht
speisialta leis an uimhir seacht agus mar sin de, go gcaithfidh go raibh
seacht ndath sa tuar ceatha. Chreid sé, mar sin, go dtiocfadh leis
idirdhealú a dhéanamh idir indeagó agus vialait.
Amharc thú féin go cúramach ar an chéad tuar
ceatha eile agus socraigh i d’intinn féin cé acu an
raibh an ceart ag Newton nó nach raibh.
Cibé ar bith, nuair a thiteann solas bán ar dhromchla,
frithchaitear an solas. Ach ní fhrithchaitear gach dath mar aon.
De ghnáth, frithchaitear dath amháin níos fearr ná
na dathanna eile agus sin an dath a fheicimid. Ionsúitear na dathanna
nach bhfrithchaitheann. Agus má ionsúitear gach dath mar
aon, tugaimid dath dubh air sin.
Anois, cad é mar a cheileann an BBD na roic, na cnapáin
agus, cogar é, an mharóg bheag ar an choim? Feicimid na
mí-áilleachtaí seo, de ghnáth cionn is go
mbíonn codarsnacht ann idir solas a fhrithchaitear ó dhromchla
amháin agus solas a thagann ó dhromchla eile in aice leis.
Ach mura mbíonn frithchaitheamh ar bith ann ( nó mórán,
cibé) ní bhíonn an codarsnacht ann agus ceiltear
na lochtanna. Agus má bhíonn dath dubh ann, ní tharlaíonn
frithchaitheamh, mórán.
Sin é, a fhir stuama. An chéad uair eile a léiríonn
sí an BBD, thig leat a bheith i ndáiríre nuair a
mholann tú é agus nuair a deir tú cé chomh
tanaí is atá an cuma úr a chuireann sé uirthi.
Ach fóill! Tá níos mó ná eolaíocht
i gceist. Má imíonn gach codarsnacht, caillfidh an bhean
an cruth uilig agus cuirfidh sé cuma bhlocánta uirthi. Caithfidh
codarsnacht éigin a bheith ann. Tá seifteanna ann le scaifeanna
agus feistis eile leis an fhadhb sin a réiteach ach ní thuigfidh
fir sin a choíche.
Mar fhocal scoir, tá dea-scéala agam do na mná.
Is cuma cé chomh húsáideach is atá an BBD,
ní chaithfear é mura bhfuil sé i bhfaisean. Ach deirtear
liom go bhfuil an dath dubh go láidir i bhfaisean an Geimhreadh
seo. Beidh mná gléasta i ndubh le feiceáil go minic
sna míonna atá romhainn agus beidh sin ina ábhar
phléisiúir againn uilig.
Sanas:
Codarsnacht contrast Dromchla surface Frithchaitheamh reflection Scaifeanna scarves
Back
to miscellaneous index
Back
to main science index
|