13
Mí Éanáir 2004
Aireagáin á
gceiliúradh i mbliana / Inventions being celebrated this
year
Go minic, ní hiad na mór-aireagáin
teicniúla is tábhachtaí inár saol ach na cinn
bheaga nach dtugaimid faoi deara nó nach smaoinímid orthu.
Tá roinnt dóibh gur ceart á gceiliúradh i
mbliana nó tá sé céad bliain go leith nó
céad bliain nó cúig bliana is seachtó nó
caoga bliain ó cumadh don chéad uair iad.
B’fhéidir
go bhfuil an ríomh-phost ag cur deireadh le ré na
litreacha ach le fada go leor, bhí cumarsáid agus
gnó agus teagmháil phearsanta ag brath go láidir
ar litreacha gasta ar bheagán costais agus bhí an
córas sin ag brath ar stampaí. Priontáladh
na céad stampaí sa bhliain 1841 i Sasana ach níor
cuireadh poillíní thart ar a n-imeall le gur féidir
iad a stróiceadh óna chéile go dtí 1854,
céad go leith bliain ó shin.
Cé
go bhfuil conspóid ann, glactar leis anois gur saolaíodh
an cón uachtair reoite sa bhlian 1904 i St Louis, Meiriceá.
Fear darbh ainm Charles Menches a bhí ag díol uachtair reoite
agus fágadh é gan plátaí nó miasa ar
bith. Faoi bhrú, cheannaigh sé taosrán ó dhíoltóir
eile agus d’úsáid sé sin le cur thart ar an
uachtar reoite. Agus sin mar a tháinig an “poke” mar
a thugann muintir Bhéal Feirste air. (Agus tháinig an focal
sin ón Iodalais; is ionann “poco” agus cúid
bheag agus b’iad Iodalaigh ba mhó a bhí ag díol
uachtair reoite i mBéal Feirste).
Cé gur fearr liom féin tae scaoilte, caithfidh
mé a admháil gur úsáidí ar fad iad
na málaí tae agus tá sé céad bliain
ó cumadh iadsan. Tá tae á ól leis na mílte
bliain ach ba é Thomas Sullivan (de shliocht na hÉireann?),
díoltóir tae i Nua Eabhrac a chuir na duilleogaí
tae i málaí síoda agus a dhíol den chéad
uair iad . Ní raibh sé i gceist aige go gcuirfí i
gcupáin iad; bhí sé ag cur samplaí chuig a
chuistaiméirí. Ach mhothaigh na daoine gur féidir
na málaí seo a úsáid mar scagóirí
agus sin mar a rinne siad.
Gach
cúpla bliain tagann an yoyo chun tosaigh mar bhréagán
agus chítear idir pháistí agus dhaoine fásta
ag súgradh leo. Tá stair shuimiúil ag an yoyo.
Bhí sé in úsáid sa Ghréig níos
mó ná dhá mhíle bliain ó shin
agus spréigh sé ar fud an domhain ach ba é
Pedro Flores a thug an yoyo óna hoileáin Fhilipíneacha
go Meiriceá, áit a bhfaca fear gnó Donald Duncan
iad. Cheannaigh seisean an coincheap agus chuaigh i mbun margaíochta.
Bhí yoyo ar bord an spástointeálaí Discovery
sa bhliain 1985 agus rinneadh staidéar ar éifeacht
an domhantarraingt lag ar an yoyo.
Is trua go mbímid chomh gnóthach na laethanta
seo gur minic nach mbíonn fáil againn suí síos
le chéile, béile maith fadálach a ithe agus sult
a bhaint as comhrá agus craic. Is minic a itear bia atá
réamhullmhaithe agus gasta. Meastar in amannaí gur rud nua
é seo ach fionnadh an coincheap seo caoga bliain ó shin.
Sa bhliain 1954 fágadh comhlacht bia Mheiriceánach, C A
Swanston & Sons, le cuid mhór turcaí i ndiaidh aimsir
na Nollag. Chuir siad an turcaí le chéile le prátaí,
sú feola agus piseanna isteach i mias alúmanam sa dóigh
nach raibh le déanamh ach é a théamh in oigheann.
Thug siad dinnéar TV ar an phacáiste, bhí costas
98c air agus bhí díol láidir air ó shin.
Nuair a éiríonn tú
tógtha faoi theicneolaíocht an lae inniu agus tionchar
na teicneolaíochta sin ar shaol an lae inniu, ná déan
dearmad go bhfuil an caighdeán maireachtála bunaithe
cuid mhór ar aireagáin a théann i bhfad níos
faide siar.
Sanas
Aireagáin
inventions Alúmanam aluminium Caighdeán maireachtála standard of
living Coincheap concept Fionnadh invented Poillíní perforations Scagóirí filters Taosrán pastry
Tuilleadh eolais
http://www.qvpennies.com/Contact/History/history.htm
http://www.ideafinder.com/history/inventions/story025.htm
http://inventors.about.com/library/inventors/bltea.htm
http://www.ayya.net/articles/history.html
http://www.foodreference.com/html/arttvdinners.html
|