27
Eanáir 2004
Turgnaimh san Uileloscadh / Holocaust experiments
Le
linn an dara cogadh domhanda rinne eolaithe, dochtúirí leighis
a mbunús, níos mó ná tríocha cineál
turgnamh ar na cimí a bhí faoi ghlas acu sna sluachampaí
géibhinn. Rinneadh iad i neamhchead na n-othar agus de ghnáth
gan iarracht ar bith pian a cheansú agus go minic bhí bas
an othair mar thoradh ar an turgnamh. Nuair a tugadh ceannairí
na Gearmáine os comhair na cúirte i Nuremberg ag deireadh
an chogaidh, fuarthas ciontach cúigear dochtúir déag
agus crochadh seachtar acu.
Sa bhliain 1942 sa champa i Dachau, bhíothas ag
iarraidh fáil amach cad é a tharlódh do phíolóta
dá mbeadh air éalú óna eitleán go hard
sa spéir, áit a bhfuil brú aeir íseal ann.
Chuir siad príosúnaigh isteach i ndúnpholl agus bhain
an t-aer amach amhail is go raibh siad os cionn 68,000 troigh san aer
agus scrúdaigh siad iad le linn dóibh bás a fháil.
D’úsáid siad dhá chéad duine mar seo;
fuair ochtú acu bás le linn an turgnaimh agus maraíodh
an céad fiche eile nuair a bhí na turgnaimh thart.
Bhí saighdiúirí na Gearmáine
ag troid sa Rúis, áit a raibh an aimsir an-fhuar. Rinneadh
turgnaimh i Dachau le fáil amach an éifeacht atá
ag fuacht ar chorp an duine. Chuir siad íobairtí in uisce
oighreata ar feadh suas le cúig uair a chloig; cheangail siad daoine
eile lomnocht ar an talamh le linn seaca. Agus i rith an ama rinne siad
monatóireacht eolaíoch orthu. Fuair idir ochtú agus
céad bás de thairbhe na dturgnamh seo.
Sa sluachampa i Ravensbruck rinne dochtúirí
tástáil ar éifeacht drugaí úra mar
sulfainilimíd ar chréachta. D’aon turas ghearr siad
cimí agus chuir siad ionfhabhtuithe sna créachta le taobh
substaintí mar ghloine agus mar shalachar. D’fhulaing na
cimí uilig pian mhillteanach agus fuair cuid acu bás.
I Buchenwald
tugadh nimh do chuid de na cimí le hinstealladh nó
ina gcuid bia. Iad siúd nach bhfuair bás leis an nimh,
maraíodh iad sa dóigh go bhféadfadh na dochtúirí
scrúduithe iarbháis a dhéanamh.
Níl sa mhéid thuas ach cuid den suarachas
a rinneadh ar chimí, Giúdaigh a mbunús ach rinneadh
é ar Ghiofóga, ar mhionlaigh agus ar shaighdiúirí
na Rúise agus ar ndóigh bhí mná agus páistí
ina measc. Ach tá fadhb ollmhór leis seo ar fad agus a chuireann
isteach ar eolaithe agus daoine eile inniu. Bréag-eolaíocht
a bhí i gcuid mhór den obair a rinneadh agus ní raibh
ann, go bunúsach ach céasadh sádaíoch. Tá
tuiscint níos fearr againn, áfach, ar hipiteirme as siocair
na dturgnamh míofar seo a rinneadh sna sluachampaí agus
tá daoine beo inniu de thairbhe na dturgnamh sin. Mar sin, an bhfuil
sé ceart nó cóir úsáid a bhaint as
eolas a bailíodh ar dhóigheanna chomh barbarach sin?
Sanas:
Céasadh; torture
Créachta; wounds
Dúnpholl; chamber
Giofóga; Gipsies
Hipiteirme; hypothermia
Íobairtí; victims
Ionfhabhtuithe; infections
Oll-loscadh; holocaust
Sádaíoch; sadistic
Sluachampa geibheann; concentration camp
Sulfainilimíd; sulfanilamide
Turgnamh; experiment
Tuilleadh eolais:
http://www.pbs.org/wgbh/nova/holocaust/experiside.html
The BBC is not responsible
for the content of external sites.
|