Druga
samhailteach
Tuesday 10 April 2001
Tá
ríomhphost ag dul thart i láthair na huaire ag tabhairt
rabhaidh do mhná óga fá dhruga darb ainm "Progesterex"
agus ag maíomh go bhfuil sé in úsáid ag fir
le h-éigniú a dhéanamh.

Má fhaigheann tú
an scéala seo, ná cuir ar aghaidh chuig daoine eile
é. Níl ann ach finscéal; níl firinne
ar bith ann.
Tá sé cliste mar scéal. Tá
cuma ar an ainm "Progesterex" go bhfuil sé eolaíoch.
Tá sé cosúil le "progesterone" agus is
beag bean nár chuala faoi seo, nó is hormón daonna
baineann é. Agus is fíor go bhfuil drugaí ann a fhágann
mná lag, codlatach agus gan cuimhne. An ceann is éifeachtaí
acu siúd, tugtar "Rohypnol" air agus tá sé
luaite leis gur druga "éigniú-shuirí" é.
Ba cheart go mbeadh mná faichilleach fán druga seo nó
is féidir é a chur isteach i ndeoch agus go dtí ar
na mallaibh, ní raibh rian ar bith le feiceáil nó
ní raibh blas ar leith leis an deoch. Ach tá dea-scéala
amháin ann faoi Rohypnol; tá lucht a dhéantúis,
Hoffmann-La Roche i ndiaidh é a athrú sa dóigh go
dtagann dath geal gorm air nuair a cuirtear i ndeoch é.
Ach tá bagairt níos measa luaite leis an
Progesterex seo. Deirtear gur druga é a tugtar do chapaill lená
n-aimridiú agus gur féidir é a fháil go héasca
ó thréidlianna. Mar sin de, ní amháin go bhfágann
sé mná gan chuimhne ach ní féidir leo coimpeart
agus de thairbhe sin, níl contúirt ann gur féidir
fear a cheangal, tré ghéinscrúdú, le leanbh
ar bith a gintear. Agus ní bheidh na mná i ndán leanaí
a bhreith a choíche.
Ach níl druga den ainm seo ann nó druga
ar bith a bhfuil an éifeacht sin aige. Níl a leithéid
ann do chapaill agus is cinnte nach bhfuil sé ann do dhaoine. Seo
an dara finscéal scanrúil a mhothaigh mé ar an idirlíon
agus is cinnte go bhfuil tuilleadh acu ann. Chum duine éigin an
ceann seo agus is cinnte go gcumfar scéalta eile amach anseo.
Is fiú go mór rud beag taighde a dhéanamh
sula gcuirfidh tú scéala mar seo ar aghaidh. Níl
le déanamh ach an príomhfhocal (" Progesterex"
sa chás seo ) a chur isteach in inneall cuardaithe ar an idirlíon,
mar Yahoo nó Altavista agus gheobhaidh tú iomlán
eolais. Is cosúil gur cumadh an scéala seo faoi Progesterex
thart fán Samhain 1999 i Meiriceá agus níorbh fhada
ina dhiaidh sin gur tháinig eolas údárasach faoi
ó ollscoileanna Meiriceánacha. Gan eolas a bheith agat,
is ábhar imní scéala den sórt seo. Ach tá
eolas agus léas do bhuartha le fáil ar an idirlíon,
an gléas céanna ar a bhfuil an fabhalscéal a theilgean.
Sanas: Aimridiú sterilise Coimpeart conceive Éigniú rape Éigniú-shuirí date-rape Fabhalscéal myth Finscéal fiction
Tuilleadh eolais / Extra information:
http://urbanlegends.about.com http://www.villagevoice.com/issues/9949/ridgeway.shtml
|