Ar
cheart feoil chlónáilte a ithe?
Is cosúil, nuair a fhionntar rud éigin san eolaíocht
nó nuair a scaoiltear eolas, go gcailltear srian ar bith ar an
eolas sin agus cibé taighde ar féidir a dhéanamh,
déanfar é. Is beag seans atá ag fórsaí
na measarthachta nó ag siúd atá buartha faoi eitic
na heolaíochta cur ina éadan nó ar a laghad é
a mhoilliú go dtí go mbíonn an scéal cíortha
go mion.
Tá scéal na clónála mar eiseamláir
de seo. Sa bhliain 1996 d’fhionn Ian Wilmut dóigh le caora
a chlónáil; is é sin go raibh sé ábalta
ubh a thógáil ó chaora agus caora iomlán úr
a chothú uaithi, caora a bhí ar gach uile dóigh mar
aon leis an mháthair. Tugadh Dolly ar an chaora sin. Ar ndóigh,
tarlaíonn clónáil go nádúrtha i bplandaí
agus ar feadh fada go leor bhí taighde ag dul ar aghaidh le clónáil
a chothú in ainmhithe. Ach níor tógadh an cheist
go hard go dtí gur cruthaíodh an chéad mhamach clónáilte,
Dolly. Ní raibh ansin ach ceist ama go raibh taighdeoirí
ábalta daoine a chlónáil. Ó shin i leith,
tá taighde ag dul ar aghaidh agus táthar ag teacht ar níos
mó dóigheanna le clónáil a úsáid.
Tá buntáistí, gan dabht, le clónáil.
Nuair a tharlaíonn atáirgeadh in ainmhithe, measctar na
géinte agus ní theilgtear gach tréith a bhí
ag na tuismitheoirí. Cailltear cuid acu. Más taighdeoir
thú agus más mian leat neart ainmhithe go díreach
mar aon, ní féidir leat ligean dóibh atáirgeadh
go nádúrtha; caithfidh tú iad a chlónáil.
Is féidir, ar an dóigh seo, taighde níos fearr a
dhéanamh ar aicídí, mar shampla, atá dochrach
don chine daonna. Ach tá teorainneacha le taighde atá bunaithe
ar ainmhithe i dtaca le leas an chine daonna de. Bheadh an taighde i bhfad
níb’éifeachtaí dá mbeadh sé bunaithe
ar chealla dhaonna. Agus sin an bealach atáimid ag dul. Bliain
ó shin, tugadh cead do thaighdeoirí ó Newcastle na
Sasana cealla dhaonna a chlónáil le taighde a dhéanamh
ar dhiaibéiteas agus tá Ian Wilmut ag obair le clónaí
dhaonna ag iarraidh teacht ar bhealaí le fíochán
daonna a fhás.
Tháinig scéala an tseachtain seo, go meastar go bhfuil
feoil ó ainmhithe clónáilte sábháilte
le hithe agus nach féidir idirdhealú ar bith a dhéanamh
idir í agus feoil ó ainmhithe a táirgeadh go nádúrtha.
Léiríonn sin, meastar, nach ndéanann clónáil
dochar ar bith agus go mbíonn géinte an ainmhithe clónáilte
ag feidhmiú mar ba chóir. Mar sin má bheirtear bó,
mar shampla, a thugann neart bainne thar an choiteann, beimid i ndán
an bhó sin a chlónáil agus cur le tairgeadh bainne
go ginearálta.
Ach má tharlaíonn sé go bhforbraíonn an teicníocht
seo, tá ceisteanna le freagairt go fóill. Níl an
próiseas nádúrtha agus is minic a bheirtear ainmhithe
atá lochtach. An é go bhfuil éifeachtaí ag
clónáil nach dtig linn léiriú go fóill
mar a shíleann eolaithe áirithe. Agus más amhlaidh,
ar cheart dúinn ligean d’fheoil uathu isteach sa slabhra
bia daonna?
Listen to Cormac
Sanas:
Atáirgeadh reproduction
Diaibéiteis diabetes
Dochrach harmful
Eiseamlair exemplar
Eitic ethics
Fíochán tissue
Fionntar is discovered
Forbraíonn develop
Géinte genes
Mamach mammal
Taighdeoir researcher
Teicníocht technique
Teilgtear transmitted
Treith characteristic
Tuilleadh eolais:
Dolly
the sheep
News
Scientist
Back
to main science index
|