BBC
2001-2002 27 Samhain
Meath na gCeirneoirí / Decline of the
DJ

Más eol duit na téarmaí "techno",
"garage", "hardcore", "trance" agus "house"
agus má leanann tú na ceirneoirí clúiteacha
atá i réim an aimsir seo, beidh suim agat sa scéal
a tháinig amach ar na mallaibh. Roimh i bhfad, ní bheidh
feidhm ar bith le ceirneoirí sna clubanna le ceol a roghnú
agus a eagrú do na damhsóirí. Tá an teicneolaíocht
ann anois leis an cheol a mheascadh mar is cuí.
Níl taithí pearsanta agam féin ar
an ghné seo de shaol na n-óg. Téann mo chuimhne féin
síor go Bill Haley agus na Comets agus Lonnie Donegan. Ach d’iarr
mé ar dhuine óg cur síos a dhéanamh dom ar
cad é mar a oibríonn na clubanna chuig a dtéann an
mhuintir óg agus an ceol atá ceangailte leo.
Sa tsean-am, nuair a bhí ceirneoirí mar
David Jacobs ( an chéad DJ !!) i réim, ba é an rud
a rinne siad ná ceirníní a chasadh, ceann i ndiaidh
an chinn eile go deireadh. Sa lá atá inniu ann tá
i bhfad níos mó i gceist. Meascann an ceirneoir an ceol;
is é sin ná go roghnaíonn sé píosaí
ó cheirníní, rithim druma ó ceirnín
amháin, dordlíne ó cheirnín eile agus b’fhéidir
líne ceoil ó cheirnín eile agus cuireann sé
iad seo uilig le chéile go snasta. De ghnáth, bíonn
rithim láidir leis an cheol. Ansin agus é ag casadh, measann
sé cad é mar a thaitníonn sé leis an scaifte.
Má tá sé oiriúnach, roghnaíonn sé
ceann eile agus is féidir leis luas casta an mheascáin úr
a athrach le gurb ionann an dá rithim. Ansin céimníonn
sé an chéad cheirnín amach agus céimníonn
sé an ceann úr isteach. De réir a chéile,
ardaíonn sé an rithim ó cheol go ceol go dtí
go measann sé go bhfuil na damhsóirí tógtha
go leor. Ansin roghnaíonn sé fonn níos maille agus
tugann sin seans don scaifte fuarú. Ansin tosaíonn sé
athuair. Má mheasann sé nach dtaitníonn an ceol,
cuireann sé ceol eile ar fáil ar an toirt. Úsáideann
an ceirneoir na deiceanna atá aige mar uirlis leis an scaifte a
spreagadh agus a shiamsú.
Tá teicneolaíocht
ann anois a dhéanann mar aon. Roghnaíonn sé
ceol, athraíonn sé minicíocht an deic le cothromacht
a dhéanamh idir an dá phíosa ceoil agus, an
rud is tábhachtaí, b’fhéidir, measann
sé tionchar an cheoil ar an scaifte. Déantar seo tré
ghléas cosúil le huaireadóir a thabhairt do
gach siamsóir. Measann sin cá bhfuil an damhsóir,
cad é an méid allais atá ag cur aige nó
aici, cad é an croíráta agus cé chomh
gníomhach is atá sé nó sí. Cuirtear
an t-eolas sin ar ais chuig ríomhaire agus meascann an ríomhaire
an ceol de réir. Má imíonn daoine ón
urlár, braitheann an córas sin agus tiocfaidh athrach
rithime nó dordlíne úr go dtí go dtagann
na damhsóirí ar ais.
Tá tástáil ag dul ar aghaidh i láthair
na huaire le fáil amach an féidir le scaifte damhsóirí
idirdhealú a dhéanamh idir ceirneoir beo agus an córas
úr. Táthar ag meas go mbeidh an t-idirdhealú sin
doiligh. Agus más amhlaidh, cad is fiú na mílte punt
a thabhairt do cheirneoir nuair is féidir le gléas an rud
céanna a dhéanamh?
Agus na téarmaí sin ag tús an ailt
seo? Níl barúil agam. Muna bhfuil a fhios agat, tá
tú ró-shean do chultúr na haoise seo; cuir ceist
ar dhuine atá i bhfad níos óige ná mé!
Sanas
Braitheann detects Ceimníonn sé amach he fades out Ceimníonn sé isteach he fades in Ceirneoir dj Croíráta heartrate Dordlíne base line Deic deck Minicíocht frequency Siamsú entertain Tástáil testing
Tuilleadh eolais: http://www.newscientist.com/news/news.jsp?id=ns99991563 http://news.bbc.co.uk/electronicdj.stm
|