20 Eanáir 2005
Dúlaíocht an Gheimhridh
B’fhéidir nach raibh iomlán tuiscint ar a meon ag
ár seanathracha Ceilteacha nuair nach ndearna siad ceiliúradh
éigin i lár an Gheimhridh le cian a thógáil
uathu. Bhí an Samhain acu agus trí mhí ina dhiaidh
sin Imbolc, ach ní raibh rud mór ar bith acu i lár
an Gheimhridh. Thig na Rómhánaigh is cosúil, go raibh
gá le scléip agus bhí an Saturnalia acu thart faoi
am an Ghrianstad. Nuair a tháinig ré na Críostaíochta,
cuireadh féasta na Nollag ar bun in áit an
Saturnalia. D’aithin idir Chríostaithe agus
Rómhánaigh go raibh claonadh ag daoine
titim i ndúlagar ag an am seo bliana agus
go raibh tógáil croí éigin de dhíth.
Aontaíonn taighde eolaíochta an lae inniu go dtiteann daoine
i ndúlagar ag an am seo agus go mbuaileann sé daoine áirithe
níos measa ná daoine eile. Tugtar neamhord goilliúnach
ráithiúil air agus tuigtear gurb é easpa solais ag
an am seo bliana an fachtóir is mó is cúis leis.
Tá fachtóirí eile ann ar ndóigh, agus tá
léachtóir ollscoile ón Bhreatain Bheag i ndiaidh
na fachtóirí seo a ríomh. Deir Cliff Arnalls, seiceolaí
sláinte (nó seiceolaí sonais, mar a thugtar air in
áiteanna) gurb é seo an t-am a ghlacann daoine comhairle
a leasa agus rún acu mórathruithe a dhéanamh ina
saolta. Ach teipeann orthu go minic sna rúin seo agus cuireann
seo le dúlagar. Seo an t-am fosta is measa aimsire agus is mó
fiacha; tá an Nollaig agus mórshiopadóireacht na
Nollag inár ndiaidh agus na seachtainí ag síneadh
romhainn go dtiocfaidh an tEarrach agus ina dhiaidh sin an Samhradh. Chum
sé foirmle leis na fachtóirí seo uilig ann le go
dtiocfadh leis a ríomh cad é chomh holc leis an dúlagar.
Seo í:
DL = 1/8W+(D-d).3/8.TQ.M.NA
Ina bhfuil:
DL = dúlaíocht
W = aimsir
D = Fiacha
d = airgead i bpá Eanáir
T = am imithe ón Nollaig
Q = am ó theip ar iarracht stad ó rud éigin
M = spreagadh ginearálta sa duine
NA = an práinn le gníomh
Is eolaí mé agus ní aithním féin seo
mar fhoirmle cheart ach d’úsáid Cliff Arnalls í
leis an lá is measa sa bhliain a ríomh. Is é an lá
sin ná an 24 Eanáir. Agus tá an scéal níos
measa i mbliana nó is é An Luan a bheidh ann an lá
sin, agus is é An Luan an lá a chuireann drochspion ar dhaoine
agus fad na seachtaine ag síneadh rompu.
Ach tá réiteach aige fosta. Is féidir teacht slán
ach caithfidh tú a aithint cad é atá ag tarlú
duit tré eolas a bhailiú faoi. Agus is gá neart aclaíochta
a dhéanamh. Agus smaoinigh fosta nach bhfuil ach corradh le seachtain
ann gur féidir linn a rá mar a dúirt an seanfhile
“Anois teacht an Earraigh, beidh an lá ‘dul chun sínte”
B’fhéidir, i ndiaidh an iomláin go raibh tuiscint
éigin ag na Ceiltigh ar fhadhb seo an dúlagair nuair a chuir
siad tús leis an Earrach ag Mí na bhFaoilleach.
Sanas:
Aclaíocht physical exercise
Dúlaíocht bleak weather
Fachtóir factor
Foirmle formula
Grianstad solstice
Mí na bhFaoilleach February
Neamhord goilliúnach ráithiúil seasonal affective
disorder (SAD)
Tuilleadh eolais:
Daily
Mail Article
The BBC is not responsible for the content of external websites.
|