Bunús
an Raidió
Tuesday
30th January 2001
Tá ceiliúradh mór
ag dul ar aghaidh na laethanta seo cionn is go bhfuil sé
céad bliain ó theilg Guglielmo Marconi gathanna raidió
thar muir.
Tharla seo i mí Eanáir 1901, ó Oileán
Wight na Sasana go dtí An Corn, thart fá trí chéad
ciliméadar. De thairbhe sin, shínigh sé conradh le
Cabhlach Ríoga na Sasana, shaothraigh sé a shaibhreas agus
níb’fhaide anonn, bhain sé Duais Nobel. Ach tá
daoine ag déanamh dearmad fán éacht a rinneadh abhus
anseo in Éirinn roimh ré.
I mí Bealtaine 1898 d’iarr Lloyds i Londain
ar Marconi nasc raidió a chruthú idir Oileán Reachlainn
agus an tír mór i mBaile an Chaisleáin, Contae Aontrama.
Ní raibh sé féin ábalta teacht ar an bhomaite
ach chuir sé cuiditheoir óg darbh ainm George Kemp agus
d’fhostaigh seisean céimí óg ó Choláiste
na Trionóide, Baile Átha Cliath, fear darbh ainm Edward
Glanville.B’iad an bheirt seo a rinne beagnach iomlán na
hoibre; tháinig Marconi é féin ag deireadh Lúnasa,
d’fhan ceithre lá agus ansin phill sé ar ais go Sasana
leis an trealamh uilig.
Agus níorbh eisean a chéadaimsigh gathanna
raidió; bhí buntaighde déanta roimh ré ag
eolaithe mar Heinrich Hertz agus Sir Oliver Lodge. Ní féidir
a rá gurbh eolaí é Marconi; b’innealtóir
é nár chreid na h-eolaithe nuair a mhínigh siad an
dóigh nárbh fhéidir gathanna raidió a theilgeadh
thar réimse fada ar dhromchla an Domhain. D’fhéadfá
a rá gur cineál amadáin a bhí ann a raibh
fís aige agus a bhí sásta a shaol a chaitheamh ag
iarraidh an fhís sin a chur i ngníomh. Ach ó bhuntaighde
na n-eolaithe agus ó fhuinneamh agus ó bhua poiblíochta
Marconi, d’fhás córais chumarsaide na fichiú
aoise, idir córais mhileata agus córais náisiúnta
mar an BBC agus RTE.
Agus níb’fhaide anonn,
d’fhás an córas teilifíse. Agus anois
is iad na gathanna raidió (agus na micreathonnta atá
beagnach mar aon le gathanna raidió) atá taobh thiar
de na gutháin iniompraithe agus an WAP a cheanglaíonn
na gutháin seo leis an idirlíon. Nach mór a
d’athraigh an saol ó aimsir Marconi. Agus tharla an
t-athrú, chan amháin i dtrealamh teicniúil,
ach fosta sa saol ina mbíonn sé á úsáid.
Agus tá an t-athrú sin le sonrú sa BBC. Nuair
a thosaigh an BBC ag craoladh sa bhliain 1922, bhí cur amach
leathán ann, idir dhrámaí, chainteanna agus
cheol ach ní raibh morán nuachta ann (ar eagla go
gcuirfeadh sé isteach ar na nuachtáin!). Bhí
blás cainte ar leith ag an BBC agus níor tugadh eisteacht
do chanúint ar bith eile. Agus bhí ar gach láithreoir
culaith fhoirmiúil a chaitheamh. Dá bhfeicfeá
agus dá gcluinfeá a bhfuil ag dul ar aghaidh i stiúideo
a hocht nuair a bhíonn cláracha Gaeilge an BBC ag
dul amach, d’aithneofá an t-athrú mór
atá tagtha ar chúrsaí chraoltóireachta
ó aimsir Marconi.
Sanas: Dromchla surface Láithreoir presenter Micreathonnta microwaves Treallamh apparatus
Tuilleadh eolais:
|