EVOLUTION
Daonra
an domhain ag fás/Increasing World Population
Sa bhliain 1800 bhí billiún duine beo ar
an domhan seo. Bhí dhá bhilliún ann sa bhliain 1930,
trí bhilliún sa bhliain 1960, ceithre bhilliún sa
bhliain 1975, cúig bhilliún sa bhliain 1987 agus
sé bhilliún sa bhliain 1999.
Sa lá atá inniu ann, rugtar
240,000 leanaí gach lá.

Léiríonn na figiúirí sin
an fás atá ag teacht ar dhaonra an domhain agus an dóigh
ina bhfuil an ráta fáis ag luasghéarú. Tháinig
ráiteas amach ar na mallaibh ó Eagraíocht na Náisiún
Aontaithe a thairngir go mbeadh 9.3 billiún daoine beo ar an domhan
sa bhliain 2050 agus gur sna tíortha tearcfhorbhartha a bheadh
an fás seo uilig.
Le daonra an lae inniu, agus acmhainní
an domhain rannta go míchothrom, bíonn fadhbanna móra
sa tríú domhan ach go háirithe. Níl
uisce glan ag trian den 4.4 billiún atá beo sna tíortha
sin, níl tithe measartha ag an cheathrú cuid acu agus
níl seirbhísí sláinte nua-aimseartha
ag an chúigiú cuid.
Má thagann an fás atá tairngthe,
measann ráiteas eile a tháinig ó Eagraíocht
na Náisiún Aontaithe cúpla bliain ó shin go
dtiocfaidh eirleach agus ollscrios. Gheobhaidh na milliúin bás
le hocras, beidh ganntanas bia go forleathan, ní bheidh go leor
fuinnimh ann agus tiocfaidh cogaidh nuair a bheidh tíortha ag iarraidh
a theacht ar na hacmhainní uisce agus na hacmhainní talmhaíochta
agus iad ag éirí tearc.
Nuair a fhásann daonra, bíonn níos
mó áiteanna cónaí de dhíth. Fágann
sin níos lú talaimh ar féidir barraí a fhás
air cé gur gá níos mó bia a sholáthar.
Bíonn ar fheirmeoirí talamh imeallach a shaothrú
agus bíonn sin sna foraoisí agus ar shleasa cnoc. Tárlaíonn
díchoilltiú, creimeadh agus tuillte millteacha de thairbhe.
Tá uisce ag éirí iontach gann ar
fud an domhain. Bíonn sé de dhíth don talmhaíocht
agus cuirtear cuid mhór amú de thairbhe seo. Meastar nach
mbeidh ar fáil don duine sa bhliain 2050, ar an mheánmhéid
ach thart fá cheathrú an mhéid a bhí ar fáil
sa bhliain 1950.
As siocair fadhbanna talmhaíochta,
tá níos mó daoine ina gcónaí
sna cathracha. Bíonn an saol cathrach míshláintiúil,
sa tríú domhan ach go háirithe. Cuireann sé
acmhainní amú agus tagann fadhbanna le diúscairt
dramhaíola.
Is doiligh a fheiceáil cad
é mar is féidir stad a chur leis an phróiseas
seo. Ach is cinnte gur féidir é a mhoilliú.
Le sin a dhéanamh, tá géarghá le hoideachas.
Má thuigeann mná sa tríú domhan gur
féidir leo a gcuid teaghlach a phleanáil ar bhealach
éigin, tiocfaidh laghdú suntasach ar fhás an
daonra. Ach mairfidh an fás agus fiú más mall
iad, tiocfaidh na fadhbanna.
Agus caithfimidne sa Domhan Thiar ár sciar a dhéanamh
le gearradh anuas ar chur amú acmhainní an domhain. Níl
againn ach 20% de dhaonra an domhain ach úsáidimid 86% d’acmhainní
an domhain. Is mithid dúinn, mar sin, gearradh anuas ar an chur
amú sin a mhéid is féidir. Ní thig linn a
bheith ag dúil go rachaidh cáilíocht beatha s’againne
in airde i gcónaí. Má tá fás ag teacht
ar dhaonra an domhain, caithfimid uilig a bheith sásta le níos
lú amach anseo.
Sanas:
Diúscairt dramhaíola waste disposal Eirleach havoc Tearcfhorbartha underdeveloped
Tuilleadh eolais: BBC
News - Population - Why we should worry.
back
to science homepage
|