Meath na mBradán in Éirinn
Is
siombail láidir í an bradán, go háirithe in
Éirinn, siombail sláinte, siombail láidreachta, siombail
aclaíochta. Bhí sí ar an sean fhlóirín
(dhá scilling nó deich bpingin daoibhse atá ró-óg)
agus tá an bradán sa mhiotaseolaíocht mar an bradán
feasa. Ach tá líon na mbradán anseo agus i ngach
tír ar an dá thaobh den Aigéan Atlantach ag titim
agus tá seans ann nach mairfidh sé i bhfad eile.
Meastar nach bhfuil ag teacht aníos aibhneacha na hÉireann
anois ach 20% den líon a bhí ann fiche nó tríocha
bliain ó shin. Agus ní fiú caint ar dá bhfuil
fágtha in aibhneacha na hEorpa. Tharla cuid mhór den titim
san Eoraip de thairbhe truailliú in aibhneacha agus ró-iascaireacht
farraige ag lucht na líonta. ( Dála an scéil b’iad
iascairí na hÉireann a rinne an damáiste is mó
san iascaireacht farraige seo; b’iad an mhuintir dheireanach a bhí
ag úsáid sruthlíonta aonfhiliméid. Agus níor
stad an slad seo go dtí i mbliana agus Rialtas na hÉireann
faoi mhór-bhrú ag tíortha eile na hEorpa.)
Ach ar bharr gach aon rud eile, tá brú eile ann anois ag
teacht ó théamh domhanda. Lena thuiscint, caithfimid spléachadh
a thabhairt ar shaol-ré an bhradáin. Tagann na bradáin
mhóra isteach ón fharraige idir mí Aibreáin
agus mí na Samhna. Nuair a thiteann an teocht go pointe áirithe
go mall san fhómhar, sceitheann siad agus go gairid ina dhiaidh
seo faigheann an mhórchuid acu bás. Maireann corr-cheann
le filleadh chun na farraige arís. Fásann na bradáin
óga ar feadh dhá bhliain san abhainn go dtagann ardú
teochta i mí Aibreáin nuair a fhilleann siad chun na farraige
agus snámhann siad go háit ar chósta thiar-theas
na Graonlainne. Cothaíonn siad iad féin ar chrústaí
agus ar éisc bheaga. Tagann cuid acu ar ais an bhliain dár
gceann mar bhlátháin, cúpla punt ar meáchan;
tagann an chuid eile acu ar ais bliain ina dhiaidh sin agus tosaíonn
an timthriall arís.
Ach de thairbhe go rialaíonn teocht cuid mhór den phróiseas
seo, tá na bradáin i gcontúirt. Bíonn an aimsir
níos teo san fhómhar agus níl na bradáin ag
sceith ag an am cuí. Bíonn níos mó stoirmeacha
fearthainne ann anois agus sciobann na tuilte a thagann anuas na haibhneacha
cuid mhór de na huibheacha agus de na héisc óga ar
shiúl. San earrach tagann ardú teochta ró-luath agus
imíonn cuid de na bradáin ró-luath. In áit
na bradáin uilig dul ‘na farraige le chéile thar thréimhse
cúpla seachtain, maireann an filleadh seo cúpla mí
agus tugann seo i bhfad níos mó ama do chreachóirí
mar fhaoileáin agus rónta iad a ithe.
Sin an fáth anois agus na haibhneacha i bhfad níos glaine
ná mar a bhí go bhfuil líon na mbradán ag
meath. An bhfuil leigheas ar an scéal? Tá, má shocraímid
gan iascaireacht a cheadú agus rialú i bhfad níos
déine a dhéanamh ar fheirmeacha iasc. Caithfimid fosta cur
le líon na n-iasc atá á dtógáil i ngorlanna
agus á saoradh isteach sna haibhneacha. B’fhéidir,
ar an dóigh seo, go mbeidh tuiscint éigin ag na glúnta
atá le teacht ar chomh huasal agus chomh hurrúnta atá
rí seo na n-iasc, an bradán.
Sanas:
Aonfhiliméid monofilament Blátháin grilse Creachóirí predators Crústaí crustaceans Faoileáin gulls Gorlanna hatcheries An Ghraonlainn Greenland Miotaseolaíocht mythology Rónta seals Saol-ré life cycle Sceitheann siad they spawn Sruthlíonta drift nets Timthriall cycle
Tuilleadh eolais:
http://www.atlanticsalmontrust.org/salmon_facts/salmon_biology.html
http://news.independent.co.uk/uk/this_britain/article2157359.ece
http://www.fishing.co.uk/article.php3?id=2180

The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|