EVOLUTION
An
Cine Neanderthal
Sa bhliain 1856, in uaimh sa ghleann
Neander sa Ghearmáin, thángthas ar chnámha
ársa a bhí an-chosúil le cnámha daonna
ach a bhí ní ba throime agus ní ba láidre.
Ó shin i leith, tá conspóid ann faoin cheangal
a bhí ann idir an chine daonna agus an chine úr seo
ar a dtugadh ainm an ghleanna ("tal" sa Ghearmáinis)
inar aimsíodh é – Neanderthal.
Bhí teoiric ann cúpla bliain ó shin
a dúirt go raibh fuil an chine Neanderthal meascaithe le fuil an
chine daonna agus gurb é fianaise ar seo ná an líon
daoine le gruaig rua i measc lucht na hÉireann agus lucht na dtíortha
Lochlannach.
Ach tá staidéar déanta
ar na mallaibh ar chnámha Neanderthala a bhfuarthas in uaimh
sa Chróait agus bréagnaíonn an staidéar
sin an nós go raibh idirphórú ar bith idir
an dá chine. Rinneadh iniúchadh ar ADN sna cnámha
agus nuair a chuirtear sin le chéile le hiniúchadh
a rinneadh ar dhá bhailiúchán cnámh
Neanderthal eile, is léir nach bhfuil ceangal ar bith idir
an dá chine, cé go raibh an dá chine beo ag
an am chéanna thart fá 30,000 bliain ó shin.
Tá sé measartha soiléir anois cad
é an ceangal atá ann idir an chine Neanderthal agus an chine
daonna. Ba dhá speiceas éagsúil iad. Shíolraigh
siad beirt ó chine ar a dtugtar Homo Erectus thart ar 600,000 bliain
ó shin ach scoilt siad óna chéile go gearr ina dhiaidh
sin. Is féidir a rá gur thosaigh an cine daonna - Homo Sapiens
- thart fá 100,000 bliain ó shin agus nár imigh an
cine Neanderthal go dtí tuairim is 70,000 bliain ina dhiaidh sin.
Ní fheadair cad é
a thug an bás dóibh uilig; b’fhéidir
go raibh coimhlint ann idir iad agus an cine daonna nó b’fhéidir
gur theip ar na hainmhithe ar a raibh said ag brath. Is léir
gur sealgairí a bhí iontu agus nach raibh foinse bia
ar bith eile acu.
Ach, cibé mar a tharla, níl iarsmaí
ar bith den chine Neanderthal níos maille ná 30,000 bliain
ó shin; measaimid gur díbríodh iad go dtí
an áit a bhfuil an Spáinn agus an Phortaingéil inniu
agus gur ansin a fuair an duine deireanach dóibh bás. Agus
leis an bhás sin, d’imigh a gcuid géinte; is soiléir
nach maireann cuid de na géinte sin inár measc féin.
Foclóir / vocabulary
:
ADN (aigéad dí-ocsairibeanúicléasach)
DNA Idirphorú interbreeding Iniúchadh investigation Speiceas species
Tuilleadh eolais: New
Scientist BBC
Science and Nature
The BBC is not responsible for the content of external websites.
back
to science homepage
|