EVOLUTION
Minority
Languages / Mionteangacha
Mionteangacha agus an Eolaíocht Is ábhar
staidéir iad mionteangacha an domhain agus is féidir dlíthe
agus léargais na heolaíochta a cheangail leis.
Déantar fionnachtana tré fhianaise a bhailiú, a chíoradh
agus ansin tré theoiricí a bhunadh. Déantar na teoiricí
a fhoilsiú agus a scrúdú ag eolaithe eile agus iad
a thástáil le tuilleadh fíricí. Má
tá gach rud i gceart agus muna bhfuil mórchonspóid
ann, glactar leis na teoiricí.
Mar shampla, má smaoinímid ar na teangacha
Ind-Eorpacha: tré scrúdú a dhéanamh ar theangacha
na hEorpa le cúpla céad bliain anuas, tá sé
glactha leis go bhfuil an mhórchuid ceangailte le chéile
agus go bhfuil dlíthe ann a rialaíonn an dóigh a
fhorbraíonn na teangacha seo. Tá rialacha mar aon sa bhitheolaíocht
a rialaíonn an ráta ag a athraíonn géin agus
a scarann orgánaigh óna chéile.
Má úsáidaímid na rialacha
teangeolaíochta seo, is féidir teoiricí a chruthú
a léiríonn cén uair a scar na teangacha seo óna
chéile. Níos mó ná sin, is féidir buille
fá thuairim a dhéanamh fá chuid mhaith de na focail
sa teanga seo, Prótó-Ind-Eorpach.
Tá an próiséas seo mar aon le bitheolaíocht
an naoú chéad déag nuair a rinneadh scrúdú
ar thréithe na n-orgánach uilig agus rinneadh iad a roinnt
i dteaghlaigh dá réir a n-airí. Ón aicmiú
sin a tháinig cuid mhór tuigbhéala fán dóigh
a oibríonn an domhan nadúrtha.
Tá easaontas mór ann fá cá
háit a raibh cónaí ar lucht labhartha na teanga seo.
Tá eolas le baint as na focail ársa seo. Baineann na téarmaí
talmhaíochta leis an chineál talmhaíochta a bhí
ann thart fá 5000 R.Ch. Caithfidh go raibh an tír sléibhteach
nó tá neart focal a bhaineann leis an chineál seo
tíre. Agus tá focail ann d’ainmhithe nach raibh beo
ariamh i dtuaisceart na hEorpa, an moncaí, mar shampla. Bunaithe
ar na fíricí seo, deir teangeolaithe go gcaithfidh gur eascair
lucht labhartha na teanga seo ón cheantar ó dheas den Mhuir
Dhubh. Ach deir cuid eile gur tháinig lucht labhartha na teanga
ó thuaisceart na hEorpa agus tá a bhfianaise féin
acusan.
Mar aon le heolaíocht, baileofar tuilleadh eolais
agus fianaise agus am éigin, amach anseo, glacfar le teoiric amháin
astu seo mar an phríomhtheoric agus beimidne, lucht na Gaeilge
níos cinntí cá has a dtáinig ár dteanga
féin.
Tá ceacht eile le foghlaim againn ó bhitheolaíocht
i dtaca le mionteangacha de. Glactar leis sa dúlra go bhfuil sláinte
ceangailte leis an éagsúlacht. A mhéid éagsúlachta
atá ann, sin mar is folláine an speiceas. Le truailliú
na timpeallachta, táimid ag cailleadh éagsúlachta
agus aithnítear gur drochrud seo. Mar aon le teangacha; tá
líon na mionteangacha ag dul i léig agus le fás na
mórtheangacha, táimid ag cailleadh éagsúlachta,
saibhris agus, b’fhéidir, níos tabhachtaí ná
sin, táimid ag cailleadh fóinsí eolais ar an chine
daonna agus ar an saol anallód.
Foclóir / Vocabularly
Acmhainní resources Comhcheangailte conjoined ( ní úsáidtear
an téarma Siamach na laethanta seo ) Déshiogótach dizygotic ( = dhá
ubh ) Forbraíonn develop Monaisiogótach monozygotic ( = ubh amháin
) Toirchiú fertilization
back
to science homepage
|