EVOLUTION
Éabhlóid an chine dhaonna/The Evolution
of the Human Race

Cúpla bliain ó shin,
san Afraic, thángthas ar bhlaosc cinn agus tá torthaí
an taighde a rinneadh uirthi ag teacht chun tosaigh anois. Agus
tá na torthaí sin ag cur éiginnteacht leis
an tuiscint a bhí againn go nuige seo ar ár n-aithreacha
ársa.
Le scéal casta a shimpliú,
d’eascair sinn uilig ó ápa a mhair thart fá
chúig mhilliún bliain ó shin san Afraic agus
ar a dtugtar "Australopithecus afarensis" Bhí an
speiceas sin ábalta seasamh agus siúl cruinn díreach.
D’athraigh na h-ábaltachtaí thar na mílte
bliain go dtí gur féidir linn a rá gur éirigh
speiceas eile ar a dtugtar "Homo habilis". Bhí
an speiceas sin beo thart fá dhá mhilliún go
leith bliain ó shin; bhí na neacha sin ábalta
uirlisí simplí a úsáid agus bhí
inchinní agus coirp ní ba mhó acu.
Astu sin tháinig speiceas
le h-ábaltachtaí eile. Bhí Homo erectus beo
thart fá dhá mhilliún bliain ó shin;
d’úsáid siad tuanna agus bhí tinte in
úsáid acu. Bhí inchinní s’acu
thart fá mhéid inchinní s’againne agus
bhí siad cosúil linn féin; dá bhfeicfí
duine acu san lá atá ann inniu inár measc,
ní dhéanfaí ábhar iontais de.
Ba é Homo erectus an chéad
speiceas daonna a d’fhág an Afraic agus meastar gur
spréigh siad amach ar fud an domhain. Uaidh sin a d’eascair
Homo sapiens – sinn féin.
Ba é sin an scéala
go dtí ar an mallaibh. Chonaic muid an dul chun cinn ó
speiceas go speiceas, ó Australopithecus afarensis go Homo
sapiens, gach céim cinnte agus tréimhse cinnte ceangailte
le gach céim. Ach ní fhoireann an fionnachtain is
úire don scéim seo. Is cinnte go bhfuil an bhlaosc
úr seo trí mhilliún go leith bliain d’aois
ach tá cuma air go bhfuil sí i bhfad níos úire;
tá déad níos lú agus aghaidh nach bhfuil
bruite chun tosaigh aici. Tá sí ar chomhaois le Homo
afarensis ach tá sí chomh neamh-chosúil leis
go meastar gur speiceas úr ann féin é. Tugadh
ainm úr dó fosta; Kenyanthropus platyops (is é
sin an t-ápa a fuaireas i Kenya agus a bhfuil aghaidh chothromach
aige).
Cad é mar is féidir
linn an speiceas úr seo a fhí isteach i sinsearacht
s’againne? Níl a fhios againn. Is cinnte go gcaithfimid
athsmaoineamh a dhéanamh agus go gcaithfimid a aithint nach
bhfuil an pictiúr chomh simplí agus a bhí.
B’fhéidir gur ó Kenyanthropus platyops a d’eascair
sinn in áit ó Homo afarensis. Tá cuid mhór
taighde le déanamh fós ar an dá iontaise; má
dhéantar mion-scagadh orthu agus ar chnámha s’againne,
b’fhéidir go mbeidh fuascailt an scéil romhainn.
Sanas:
Blaosc skull Cothromach flat Éabhlóid evolution Fionnachtain discovery Iontaise fossil Speiceas species
back
to science homepage
|