EVOLUTION
Dineasáir/Dinosaurs
Is
cinnte nach bhfaca éinne ariamh dineasár. Tháinig
deireadh leo thart fá sheasca milliún bliain ó shin
agus níl sinne, Homo Sapiens, beo ach le cuid mhaith níos
lú ná milliún bliain.

Ach tá an iomarca eolais againn faoi na hainmhithe
ársa seo de thairbhe gur fhág siad iarsmaí iontaiseacha
againn. D’fhág siad cnámha, uibheacha, faecas agus
loirg a gcos agus tháinig scéala amach seachtain ó
shin gur thángthas ar urlacan i gcairéal i Peterborough,
Sasana. Meastar nárbh dineasár a chaith amach an t-urlacan
ach ainmhí eile gaolta leo a bhí beo san am céanna
darbh ainm iochtasár, thart fá chéad seasca milliún
bliain ó shin. Léiríonn an t-urlacan an cineál
bia a d’ith na hainmhithe seo agus insíonn sé an dóigh
a d’obair an córas díleá s’acusan.
Cad é an t-eolas atá
againn faoi na dineasáir? Bhí siad beo idir 230 agus
60 milliúin bliain ó shin. Mhair siad ar talamh, shiúil
siad díreach lena gcosa fúthu agus bhí cnámha
a gcos cosúil le cnámha éanacha an lae inniu.
Bhí craiceann tiubh reiptíleach acu ach bhí
siad i bhfad níba ghníomhaí ná reiptílí
an lae inniu.
Bhí cuid acu an-mhór, chomh mór
le bus dhá urlár; bhí cuid eile chomh beag le sicín.
B’ fheoiliteoirí cuid acu agus luibhiteoirí cuid eile.
Tá eolas againn ar níos mó ná ceithre chéad
géineas agus gach bliain cuirimid leis an uimhir seo. Is féidir
a rá go raibh beagnach an éagsúlacht chéanna
ina measc agus atá inniu ann i measc na mamach. Go dtí ar
na mallaibh, bhí íomhá s’againne bunaithe ar
reiptilí an lae inniu – go raibh na dineasáir fuarfhuilteach
agus malltriallach. Ach táimid measartha cinnte anois go raibh
cuid acu aonteasach. Ba chreachóirí cuid acu agus is doiligh
sin a dhéanamh muna bhfuil ábaltacht na seilge ann i rith
an ama – chan amháin agus teas an lae ann. Bhí mamaigh
beo ag an am céanna agus is doiligh a shamhlú cad é
mar a d’fhan na dineasáir i gceannas mar chreachóirí
muna raibh siad aonteasach.
Cad é an rud a chur deireadh
tobann leo seasca a cúig milliún bliain ó shin
agus a thug áiméar dona mamaigh teacht chun tosaigh?
Tá a fhios againn gur tharla tubaiste iontach ag an am seo.
Scriosadh 70% de bheocht an domhain ag an am céanna agus
níor spáraladh cuid ar bith den domhan. Tá
cúpla teoiric ann. Seans b’fhéidir gur tharla
ollphleascadh bolcánach a chaith deannach go hard sa spéir
agus a d’ionsúigh radaíocht na gréine
ar feadh i bhfad le gur thit an teocht agus go bhfuair plandaí
bás.Ar ndóigh, fuair na luibhitheoirí bás
agus ina dhiaidh sin, fuair na feoilitheoirí a bhí
ag brath ar na hainmhithe eile bás.
Glactar go forleathan leis an íomhá seo
ach creideann bunús na bpalaeonteolaithe go raibh fáth eile
leis. Tá a fhios againn gur bhuail dreigít dromchla an domhain
ag an am seo. Meastar go raibh an dreigít seo thart fá dheich
gciliméadar trasna agus é ag bogadh ag luas thart fá
nócha míle ciliméadar san uair. Bhuail sé
dromchla an domhain ag barr leithinse Yucatan ar chósta thoir Mheicsiceo.
Bhí cuid de na mamaigh beag
agus mhair siad i ndiaidh na dtubaiste seo. Uathu sin a d’eascair
mamaigh an lae inniu, muid féin ina measc. Ach ab é
gur tharla an scrios, ní bheimis anseo.
Agus d’fhéadfadh an scrios céanna
tarlú arís am ar bith.
Sanas:
Aonteasach warmblooded Creachóirí predators Dineasáir dinosaurs D’ionsúigh absorbed Dreigít meteorite Fuarfhuilteach coldblooded Geinéas genus Iochtasár ichthyosaur Iontaiseacha fossil Mamach mammal Palaeonteolaithe palaeontologists Urlacan vomit
Tuilleadh eolais: What
are dinosaurs? BBC
News - Science
(cuardaigh
faoi "dinosaurs")
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|