EVOLUTION
Ár
n-aithreacha ársa / Know Your Neighbours
De réir an taighde is úire
ar ghéinte daonna, is léir gur ó dheichniúr
fear a shíolraigh níos mó ná 95% de
dhaonra na hEorpa.
I gcealla an chine dhaonna a mhaireann na géinte.
Rialaíonn siad gach uile próiséas inár gcorp
ach, le taobh sin, is foinse eolais iad ar na glúine as ar eascair
sinn. Ach go dtí ar na mallaibh, ní raibh muid ábalta
an t-eolas sin a aimsiú.
Anois, agus tuigbhéal ag
teacht chugainn ar theanga na ngéinte, thig linn teacht ar
an eolas sin.
Athraíonn géinte le ham. Athraíonn
siad go randamach ach athraíonn siad ag ráta atá
tairiseach agus tá an ráta sin ar eolas againn. Má
scrúdaítear na géinte i mbeirt daoine, is féidir
a ríomh cá huair a scar siad; is é sin, cá
mhéad glúin ó shin a raibh an t-athair nó
an mhathair chéanna acu.
I gcill an duine, bíonn
ní darbh ainm miteacoindre. Is ábhar fuinnimh í
seo don chill agus tagann sí ón mháthair amháin
nuair a toirchaítear ubh. Mar sin, is foinse eolais iad na
miteacoindrí ar ár gcuid máithreacha amháin.
Rinneadh scrúdú ar na miteacoindrí tamall gairid
ó shin agus léiríodh gur ó sheachtar
bean a d’eascair 99% de dhaonra na hEorpa.
Sa chill dhaonna, bíonn na géinte rannta
i measc na 46 crómasóim. I measc na 23 péire crómasóm,
bíonn péire amháin a dtugtar X agus Y orthu más
fireannach atá i gceist agus X agus X más baineannach atá
i gceist. Tagann an Y ón athair amháin mar sin.
Le déanaí, rinneadh infheistiú ar
na crómasóim Y seo agus go háirithe, ar na difríochtaí
eatarthu. Ón infheistiú seo, is cosúil gur ó
dheichniúr fear a shíolraigh tromlach na ndaoine beo san
Eoraip san lá atá inniu ann. Creidtear go raibh beirt den
deichniúr siúd beo roimh dheireadh na hOighearaoise deireannaí,
am éigin idir thrí mhíle dhéag agus dhá
mhilliún bliain ó shin agus go raibh an t-ochtar eile beo
idir seacht míle agus trí mhíle bliain ó shin.
Is léiriú an taighde
seo gur an-bheag ar fad an difear uilig atá eadrainn anseo
in Éirinn agus ar fud na hEorpa, is cuma cé acu lipéad
clainne nó cine a thugtar orainn.
Sanas
Baineannach female Crómasóim chromosomes Fireannach male Géinte genes Miteacoindrí mitochondrions Ní thing Ré oighreach ice age Tairiseach constant Toirchaítear fertilized
back
to science homepage
|