EVOLUTION
An
dream ónar eascair sinn
Tá conspóid agus easaontas ann i láthair
na huaire fá bhunús an chine dhaonna. Léiríonn
an chonspóid seo an dóigh a dhéantar forbairt i gcúrsaí
eolaíochta.
Le tamall gairid anuas, bhí teoiric amháin
i réim. Is é sin gur éirigh an cine daonna (Homo
Sapiens) aníos san Aifric idir 100,000 agus 200,000 bliain ó
shin agus gur ón áit sin a spréigh sé thar
dhromchla an domhain. Tá fianaise don teoiric seo bunaithe ar dhianstaidéar
ar ADN atá i miteacoindreithe ár gcealla.
Nuair a tharlaíonn atáirgeadh, tagann miteacoindreithe
i gcealla an fhéatais ón mháthair amháin gan
athrú de ghnáth. Ach ó am go ham, tarlaíonn
athruithe go randamach. Agus cé gur randamach na hathruithe seo,
tarlaíonn siad ag ráta tairiseach. Is ionann sin agus má
scrúdaítear ADN miteachoindreach beirte, is féidir
a ríomh cé acu ar eascair siad ó dhuine amháin
agus más fíor sin, cá fhad siar an duine sin.
Nuair a rinneadh taighde eolaíochta
ar an ADN seo i réimse mór daoine cinneadh gur ó
bhean amháin san Aifric a d’eascair muid uilig agus
go raibh sí beo 143,000 bliain ó shin. Chan amháin
sin, ach is féidir an bealach a spréigh muid a oibriú
amach – ó oirthear na hAifrice go dtí an Mheán-Oirthear,
ó sin go deisceart na hÁise agus go dtí An
Astráil agus ag deireadh ar fad, go dtí An Eoraip
thart fá 30,000 bliain ó shin.
Agus, mar léiriú ar chomh dlúth
is atá an gaol eadrainn uilig, fuarthas amach fosta go bhfuil níos
lú éagsúlacht géin i measc an chine dhaonna
ná mar atá fiú i measc buíne amháin
simpeansaithe.
Ach mar aon le teoiric eolaíochta ar bith, níl
aontas iomlán faoi. Agus tá an t-easaontas seo bunaithe
ar fhianaise fosta. Chuir ceathrar antraipeolaí ráiteas
amach an lá fá dheireadh bunaithe ar staidéar atá
á dhéanamh acu ar bhlaoscanna ársa Homo Sapiens agus
speicis eile mar Homo Erectus agus Homo Neanderthalis. Deir na heolaithe
seo go bhfuil na blaoscanna ró-chosúil lena chéile
agus go gcaithfidh go raibh na créatúir seo beo ag an am
céanna agus go raibh trásphórú eatarthu. Creideann
siadsan gur eascair an cine daonna go neamhspleách san Aifric,
san Eoraip agus san Áise ó speiceas ar a dtugtar Homo Erectus,
speiceas a d’fhág An Aifric 1.5 milliún bliain ó
shin.
Agus tá fianaise géiniteach ón Astráil
ag tacú leis an teoiric seo; is soiléir nach féidir
cnámharlach "Mungo Man" a cheangal leis an teoiric eile
gur ón Aifric a d’eascair muid níos lú ná
200,000 bliain ó shin. Ach cothaíonn conspóid taighde.
Agus ón taighde sin a thiocfaidh fuascailt na rúndiamhaire
seo. Agus beidh a fhios againn ansin cá has a dtáinig muid.
Sanas/Vocabulary:
ADN (aigéad dí-ocsaíribeanúicléasach)
- DNA Antraipeolaithe - anthropologists Atáirgeadh - reproduction Dromchla - surface Miteacoindreithe - mitochondrions Rúndiamhair - mystery Simpeansaithe - chimpanzees Speiceas - species Tairiseach - constant Trásphórú - interbreeding
Tuilleadh eolais / Extra
information: Natural
History Museum - Dept. Of Palaeontology
BBC Science - Cavemen
The BBC is not responsible for the content of external websites.
back
to science homepage
|