ENVIORNMENT
An Eagraíocht Trádála Domhanda/The
World Trade Organisation 
Tháinig Comhairle seo na nAirí le chéile
go deireannach i Seattle sa bhliain 1999. Bhí sé mar aidhm
acu tuilleadh scaoilte a dhéanamh ar na bacainní trádála.
Níor éirigh leo nó d’éirigh easaontas
idir na tíortha ón Domhan Thiar agus na tíortha i
mbéal forbartha. Dar leis na tíortha bochta nach raibh go
leor lamháltais á dtabhairt dóibh. Agus bhí
iúl an domhain orthu nó bhí lear mór ágóideoirí
ag tógáil raice taobh amuigh den ionad tionóil.

Tá saincheist mhór
amháin ann atá ag cur amhrais ar na tíortha
i mbéal forbartha an t-am seo. Is é sin soláthar
leighis míochaine in éadan SEIF. Le blianta, tá
na comhlachtaí cógaisíochta móra ag
diúltú costais na ndrugaí a laghdú agus
bhí tacaíocht SAM acu. De thairbhe sin, ní
raibh tíortha bochta in inmhe iad a cheannach agus fuair
na milliúin daoine bás. Tháinig laghdú
ar an chostas le tamall gairid ach deir na tíortha bochta
go bhfuil na drugaí i bhfad ródhaor go fóill.
Is mian leo iad a mhonarú iad féin faoi cheadúnas.
Thiocfadh leo sin a dhéanamh ach ní cheadaítear
é sin go fóill. Is mian leo go dtugtar an cead sin
dóibh.
Agus measann na tíortha
bochta seo go bhfuil dhá chaighdeán ag na comhlachtaí
cógaisíochta agus SAM. Nuair a rinneadh an t-ionsaí
bithsceimhleach ar Nua Eabhrach agus ar Washington, laghdaigh Bayer,
an comhlacht a mhonaireann Cipro, a gcuid praghsanna ar an toirt.
Nuair a bhí laghdú de dhíth ar SAM, tharla
sé. Ach nuair a bhí sé de dhíth ar thíortha
eile agus na milliúin i gcontúirt a mbáis,
níor tharla sé ar feadh na mblianta
Tá ábhair easaontais
eile ann idir na comhlachtaí móra agus SAM go príomha
ar thaobh amháin agus tíortha bochta agus ágóideoirí
timpeallachta ar an taobh eile. Measann na hágóideoirí
go ndéanann beartais saorthrádála dochar don
timpeallacht agus má scaoiltear tuilleadh ar na bacainní,
go ndéanfar tuilleadh damáiste. Tabharfar luaíochtaí
nósanna maireachtála an Domhain Thiar chuig tíortha
i mbéal forbartha níos gasta agus leis an bhreisthrácht
cuirfear leis an iarmhairt cheaptha teasa tré tuilleadh ola
á dhó.
Tá contúirt ann go
bhfuil iúl na meán ar Mheiriceá agus ar an
trioblóid san Afganastáin i láthair na huaire
agus go dtiocfar ar réiteachtaí i gCatar nach rachaidh
chun sochar don tríú domhan nó don timpeallacht.
Is mithid dúinn uilig ár n-aird a dhíriú
air.
Sanas:
Ágóideoirí demonstrators Allmhaireoirí importers Bacainní trádála trade barriers Beartais saorthrádála freetrade policies Bithsceimhleach bioterrorist Catar Quatar Comhaontuithe agreements Iarmhairt cheaptha teasa greenhouse effect Lamháltais concessions Luaíochtaí nósanna maireachtála
lifestyle values Onnmhaireoirí exporters Rúnaireacht secretariat Saincheist issue SAM USA SEIF AIDS
Tuilleadh eolais: World Trade
Organisation New Scientist
BBC News - World Trade Blocs
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|