ENVIORNMENT
Scáth
gréine don Domhan
Are we protecting ourselves enough from UV Rays?
Tá an scéala chomh holc sin faoin truailleadh atá
á dhéanamh againne ar an Domhan agus faoi na hathruithe
atá ag titim amach ar an aeráid de thairbhe, go bhfuil eolaithe
ag smaoineamh go gcaithfidh siad teacht ar bhealaí le maolú
a dhéanamh ar dhéine radaíocht na Gréine sula
mbuaileann sé dromchla an Domhain.
Bhí
comhdháil i Cambridge, Sasana le gairid inár phléigh
eolaithe an fhadhb. Is í sin nach bhfuil atmaisféar an Domhain
ina chosaint in éadan gathanna teasa agus gathanna ultraivialait
mar a bhí. Táimid ag astú barraíocht dhé-ocsaíd
charbóin, tá sin ag cur leis an iarmhairt cheaptha teasa
agus tá an Domhan ag éirí níos teo. Tá
an ciseal ózóin faoi ionsaí ag ceimiceáin
eile – na clórafluaracarbóin – agus is é
an ciseal seo a ionsúnn gathanna ultraivialait.
Tá réiteach ann ar
ndóigh; d’fhéadfadh rialtais an Domhain comh-oibriú
le chéile agus teacht ar sheifteanna le gearradh anuas suntasach
a dhéanamh ar na ceimiceáin seo. Ach theip ar sin
go fóill; cé gur socraíodh ar réiteacha
roimhe seo, ag Kyoto sa bhliain 1997 mar shampla, níor dhaingnigh
Na Stáit Aontaithe nó An Rúis iad go fóill
agus tá siad fágtha gan éifeacht mar sin. Mura
bhféidir linn gearradh anuas a dhéanamh, deir na heolaithe
go gcaithfimid smaoineamh ar dhóigheanna le maolú
a dhéanamh ar an radaíocht féin. Tháinig
siad le chéile le measúnacht a dhéanamh ar
na bealaí a d’fhéadfadh teicneolaíocht
nó macrinnealtóireacht na haoise seo cuidiú.
Tháinig smaoineamh amháin chun tosaigh
go láidir ag an chomhdháil; sciath a thógáil
idir sinn féin agus an spás le frithchaitheamh a dhéanamh
ar na gathanna. D’fhéadfaí na céadta mílte
tonna de phíosaí beaga miotail (níos lú ná
ceintiméadar) a chur amach i bhfithis íseal ag barr an atmaisféir.
Thiocfaí iad a theilgean le roicéid agus meastar go bhfanfadh
siad ansin ar feadh céad bliain. Dá n-oibreodh an scéim,
ghearrfaí anuas ar radaíocht a thiteann ar thart fá
mhilliún ciliméadar cearnach de dhromchla an Domhain agus
tharlódh fuarú suntasach.
Bhí smaointe eile á gcaibidil ag an chomhdháil
chéanna. D’fhéadfaí cuid mhór cothaithigh
a chur isteach sna haigéin le go bhfásfadh lear mór
algaí. D’ionsúfadh na h-algaí na milliúin
tonna dhé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar.
Is féidir a shamhailt fosta go mbeadh innill mhóra ar snámh
san aer agus iad ábalta néalta a chruthú. Dhéanfadh
na néalta seo radaíocht a fhrithchaitheamh agus thabharfadh
sin cosaint don domhan.
Ach ní bheadh an macrinnealtóireacht
seo gan chostas. Gan trácht ar airgead, bheadh athraithe
móra ar an timpeallacht, gearradh anuas ar laethanta grianmhara
mar shampla, agus b’fhearr i bhfad mura raibh gá leo
ar chor ar bith. B’fhearr i bhfad gearradh anuas a dhéanamh
ar astú na ngás dochrach sa chéad dul síos.
Ach ní tharlóidh sin go dtiocfaidh athrú dearctha
ag na mór-thíortha, go n-éiríonn siad
níos altrúchasaí agus níos domhanda
ina ndearcadh. Agus níl mórán iomrá
air sin.
Sanas
Aeráid
climate Algaí algae Altrúchasach altruistic Astú emitting Cearnach square Ciseal ózóin ozone layer Cothaithigh nutrients Dhaingnigh ratify Déine intensity Dé-ocsaíd charbóin carbon
dioxide Dochracha harmful Fithis orbit Frithchaitheamh reflect Ionsúnn absorbs Macrinnealtóireacht macro-engineering Maolú reduction Radaíocht radiation
Roicéid rockets Teilgean project
Tuilleadh
eolais The
Tyndall Centre for Climate Change Research
back
to science homepage
|