ENVIORNMENT
Muirbhrúcht
le teacht?
Sinne atá cleachtaithe le tránna na hÉireann, áiteanna
ina gcuirimid mórtas farraige ar thonnta atá níos
mó ná sé throigh in airde, tá sé doiligh
againne farraige le tonnta chomh mór le 12 méadar (40 troigh)
a shamhlú.
Ach de réir eolaithe, sin an rud atá i
ndán do chósta na hÉireann am éigin sa chéad
seo nó sa chéad céad eile. Tarlóidh sé
agus déanfaidh na tonnta sin scrios agus mór-dhamáiste
ar thailte agus ar bhailte ar imeall na farraige.
Agus, dá olcas an cás
anseo, beidh an scrios i bhfad níos measa ar an taobh eile
den Aigéan Atlantach. Meastar go mbeidh tonnta os cionn 40
méadar in airde ag bualadh cósta na Brasaíle
agus os cionn 50 méadar ag bualadh cósta Florida agus
ó sin an bealach uilig ó thuaidh a fhad leis an Ghraonlainn.
Scriosfaidh tonnta den mhéid seo iomlán a fhad le
10 km intíre.
Tarlóidh seo de thairbhe pléascadh bolcáin.
Tá bolcán sna hOileáin Chanáireacha ar a dtugtar
an Cumbre Vieja. Am éigin, de réir taighde, taobh istigh
de chúpla céad blian nó mar sin, tiocfaidh pléascadh.
Scoiltfidh an t-oileán agus beidh sciorradh talún ann. Titfidh
trilliún tonna de charraig go tobann isteach san fharraige.
Tógfaidh an cliseadh seo
moll uisce os cionn 900 méadar in airde agus cothóidh
sin tonnta ar a dtugtar "tsunami". Bogfaidh an tsunami
sin ag luas a fhad le 800 km san uair trasna na farraige go Meiriceá
agus scriosfaidh sé an cósta ansin naoi n-uair a chloig
ina dhiaidh sin.
Scaoileadh an scéal seo bliain ó shin agus
níor thug muid anseo san Eoraip mórán airde air nó
shíl muid nach mbuailfeadh sé sinne. Ach, de réir
an taighde is deireannaí, tá a fhios againne anois go lúbfaidh
an tonn sin agus go dtiocfaidh sé a fhad leis na hoileáin
seo. Buailfidh sé sinne thart fá cheithre uair a chloig
i ndiaidh don chliseadh agus déanfaidh sé damáiste
anseo. Nuair a shroicheann tonn uisce tanaí, moilleann sé.
Agus nuair a mhoilleann cuid amháin de thonn, lúbann an
tonn uilig. Tugtar athraonadh ar an phróiseas seo. Is féidir
sin a fheiceáil am ar bith má sheasann tú os cionn
trá ag amharc ar na tonnta. Tá uisce tanaí cóngarach
do na hOileáin Chanáireacha agus sin an áit a lúbfaidh
an tonn seo. Chan amháin go rachaidh sé siar, rachaidh sé
ó thuaidh agus ó dheas fosta.
Má tá an ceart ag na taighdeoirí,
ní féidir linn an tubaiste seo a sheachaint. Déanfaidh
sé damáiste mór, go háirithe nuair a smaoiníonn
tú gur ar an chósta atá mórchuid de bhailte
na tíre seo. Mar léiriú ar seo, sa bhliain 1988,
tharla crith talún faoin aigéan agus bhuail muirbhrúcht
níos lú ná an ceann a bhuailfidh cósta na
hÉireann cósta Phapua Nua-Ghuine. Maraíodh os cionn
2,000 duine.
Ach táimid cinnte de rud
amháin eile. Níl mórán seans anngo dtarlóidh
sé lenár linne. Ach chífidh cuid de ne glúnta
atá romhainn amach anseo an muirbhrúcht seo ag teacht
i dtír ar chósta na hÉireann.
Sanas:
Athraonadh refraction Cliseadh collapse Muirbhrúcht tidal wave Sciorradh talún landslide
Tuilleadh eolais:
New
Scientist
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|