ENVIORNMENT
Sábháilteacht
bhóthair / Road safety
Ní hí Éire an tír is measa san Eoraip i dtaca
le sábháilteacht bhóthair di, ach ní hí
is fearr ach an oiread; maraítear tuairim is 129 in aghaidh gach
milliún duine gach bliain. Maraítear 210 sa Ghréig
ach ní maraítear ach 93 in aghaidh gach milliún sa
Ghearmáin.
De réir staitisticí
ó Chonstáblacht Ríoga Uladh, tá líon
na ngluaisteán i dTuaisceart Éireann ag dul i méadaíocht
ó bhliain go bliain ó níos mó ná
35,000 sa bhliain 1931 go chomhair a bheith 700,000 sa bhliaini
1997. Sin méadú 20 uair.
Ach san am chéanna, tá
líon lucht gortaithe méadaithe deich n-uaire, líon
na dtaismí méadaithe fá chúig agus níl
méadú suntasach ar bith, féadaim a rá,
i líon na marbh ar na bóithre.
Sin léiriú, sílim,
ar an dul chun cinn atá déanta i gcúrsaí
sábháilteachta le seachtó bliain, a bhuíochas
sin ar theicneolaíocht agus taobh thiar den teicneolaícht
sin, an eolaíocht féin.
Mar shampla, tá coscáin
níos fearr i ngluaisteáin anois agus laghdaíonn
sin an luas lena mbualann carr amháin carr eile. Tá
stiúir i bhfad níos cinntí i ngluaisteáin
a fhágann i gcumas an tiománaí taisme a sheachaint.
Agus tá na fuinneoga níos mó agus níos
trédhearcaithe, ag ligeann don tiománaí contúirt
a fheiceáil go luath.
Agus nuair a tharlaíonn
taisme, tá dearadh ar ghluaisteáin a laghdaíonn
déine na taisme; ionsúnn an carr cuid de fhuinneamh
na taisme agus fágann sin na daoine sa charr níos
sábháilte ná mar a bhí roimh ré.
Ach fiú agus an dul chun
cinn seo déanta, is olc an rud é go maraítear
tuairim is 150 duine gach bliain anseo i dTuaisceart Éireann.
Agus, níos measa ná sin, ní bhíonn muid
ró-bhuartha faoi. Tá níos mó daoine
marbh ar bhóithre na háite seo le tríocha bliain
anuas ná mar a maraíodh sna Trioblóidí.
Má tá biseach le
teacht ar na huimhreacha seo, caithfear smaoineamh réabhlóideach
a chur i bhfeidhm. Caithfimid, amach anseo, stiúir na gcarranna
a fhágáil faoi ghléas éigin nach bhfuil
daonna.
Tá mé féin
cinnte go mbeidh micreaphróiseálaí i ngach
gluaisteán agus go mbeidh an próiseálaí
sin i dteagmháil le ríomhairí cumhachtacha
a dhéanfaidh beagnach gach cinneadh sa ghluaisteán.
Ní bheidh le déanamh
againn ach cnaipe a bhrú agus suí siar. B’fhéidir
nach maith an rud é i dtaca lenár bhféiniúlacht
nó neamhspéachas féin de ach muna dtarlaíonn
sé, beidh orainn slán a fhágáil le córas
iompar príobháideach agus i bhfad níos mó
úsáid a bhaint as taisteal poiblí.
Foclóir:
Acmhainní resources Comhcheangailte conjoined ( ní úsáidtear
an téarma Siamach na laethanta seo ) Déshiogótach dizygotic ( = dhá
ubh ) Forbraíonn develop Monaisiogótach monozygotic ( = ubh amháin
) Toirchiú fertilization
back
to science homepage
|