ENVIORNMENT
Duilliúr an Fhómhair / Falling
leaves in early September
Ag
an am seo bliana, tagann dathanna éagsúla ar na crainn.
Imíonn an glas agus chítear dathanna dearga, oráiste,
buí agus donna ar na duilleoga sula dtiteann siad. Cad atá
ag dul ar aghaidh agus cad chuige a dtarlaíonn sé?
Bíonn duilleoga glas de ghnáth cionnas
go mbíonn iontu ceimiceán ar a dtugtar clóraifill.
Úsáiseann an planda an chlóraifill le fuinneamh a
chruthú. Nuair a thiteann solas na gréine ar an duilleog,
ionsúnn an chlóraifill an solas agus le fuinneamh an tsolais
tarlaíonn imoibriú idir dé-ocsaíd charbóin
agus uisce agus monaraítear glúcós agus ocsaigin.
Scaoiltear an ocsaigin amach san aer, déantar stáirse den
ghlúcós agus stórailtear é.
Bíonn ceimiceáin
eile sa duilleog le taobh na clóraifille. Is iad seo na cairitéiní,
na hantóiciainí agus na tainniní agus bíonn
feidhm ar leith acu uilig.
Bíonn na cairitéiní
buí nó oráiste agus ionsúnn siad solas
na gréine fosta. De ghnáth, ní bhíonn
an tiúchán céanna acu ann agus ní fheictear
an dath seo. Ach bíonn siad le sonrú in áiteanna
eile seachas sna duilleoga nó is iadsan a thugann dathanna
do bláthanna agus do thorthaí.
Is í feidhm na n-antóiciainí ná
cosaint a thabhairt don phlanda; nuair a dhéantar damáiste
don duilleog is iad na hantóiciainí a chuidíonn go
mór le cneasú agus maolann siad tiúchán an
tsolais a thiteann ar na cealla nuair a bhíonn sé rógheal.
Bíonn siad geal dearg ach de ghnáth ní fheictear
iad sna duilleoga nó ceilltear iad ag dath láidir na clóraifille.
Ach bíonn siad le sonrú i mbláthanna agus i dtorthaí
fosta.
Is
fuíollsubstaintí iad na tainniní cé
go mbíonn ról acu fosta i gcóras cosanta an
phlanda; bíonn siad searbh agus cuidíonn siad le creachóirí
a éaradh. Bíonn dath donn ar na tainniní agus
mar aon leis na ceimiceáin eile, ní thugtar fá
deara iad de ghnáth.
Sa gheimhreadh ní bhíonn
go leor solais ann do mhórchuid na gcrann anseo in Éirinn;
ní mhaireann solas an lae ach pas beag níos mó
ná seacht n-uair a chloig i Mí na Nollag. Ní
fiú, mar sin do na crainn duillsilteacha seo na duilleoga
a choinneáil nó caillfidh siad barraíocht teasa
agus uisce trí na duilleoga. Ach sula dtiteann na duilleoga,
déanfaidh an crann cibé maitheas a bhíonn sna
duilleoga a thabhairt ar ais isteach sna géaga lena choigilt.
Is é an chéad chéim sa phróiseas seo
ná briseadh anuas a dhéanamh ar an chlóraifill
mar go bhfuil nitrigin agus fosfar ann. Nuair a imíonn an
dath glas seo is ansin a chítear na dathanna láidre
buí, oráiste agus dearg a bhí ceilte.
Muna dtagann séideán
mór gaoithe agus má mhaireann an duilleog ar an chrann
fada go leor, meathann na dathanna seo agus ní bhíonn
fágtha ach na tainniní agus iad donn.
Is soiléir i mbliana go
bhfuil tús curtha leis an phróiseas seo go luath agus
tá sin le ciall. De thairbhe samhradh a bhí chomh
tirim agus a bhí, tá ganntanas uisce ag cur as do
na crainn agus fágann sin iad faoi strus. Cailleann plandaí
uisce ó na duilleoga agus is é an dóigh is
fusa acu gearradh anuas a dhéanamh ar sin ná fáil
réidh leis na duilleoga a luaithe agus is féidir.
Sa dóigh sin, déanann siad cinnte go mairfidh siad
bliain eile agus beimid ábalta sult is pléisiúr
a bhaint astu uair amháin eile.
Sanas:
Antóiciainí anthocyanins
Cairitéiní carotenes
Clóraifill chlorophyll
Creachóirí predators
Duillsilteach deciduous
Éaradh repel
Fosfar phosphorus
Fuíollsubstaintí waste substances
Imoibriú reaction
Ionsúnn absorb
Stáirse starch
Tainniní tannins
Tiúchán concentration
Tuilleadh eolais:
New Scientist Archive
The BBC is not responsible for the content of external websites.
back
to science homepage
|