ENVIORNMENT
Todhchaí aeráid na hÉireann
/ The future of Ireland's climate

San aimsir seo agus fearthainn ag titim go fras beagnach
gach lá, níl mórán daoine ann nach measann
go bhfuil athrú suntasach ag tarlú d’aeráid
na hÉireann agus d’aeráid na hEorpa. Ní cuimhin
linn aimsir chomh fliuch i rith an Earraigh agus bhí an Geimhreadh
seo a chuaigh thart níba ghaofaraí
ná
mar is ghnáth.
Ar ndóigh, ní féidir
aeráid a mheas ar bhliain amháin. Ach nuair a amharcaimid
síar ar na blianta deireannacha tá an pictiúr
níos soiléire. Le deich mbliana anuas, bhí
ceithre de na cúig blianta a ba teo le trí chéad
bliana ann. Tá rud éigin ag tarlú.
Meastar (nó measann mórchuid
na n-eolaithe cibé) gur de thairbhe bhreis chur amach dhé-ocsáid
charbóin atá na hathruithe seo ag tarlú. Má
mhaireann an cur amach (agus is tearc iad na daoine a shíleann
nach mairfidh) beidh teocht an domhain ag ardú go cionn i
bhfad. Ní tharlóidh an téamh seo go cothrom
ar fud an domhain ach meastar go rachaidh teocht na hÉireann
thart fá thrí chéim Celsius in airde idir seo
agus 2050, agus céim eile arís idir sin agus 2080.
Ach ní sin deireadh an scéil.
Tiocfaidh méadú ar líon na fearthainne (suas
le 20% b’fhéidir) agus ar mhinicíocht stoirmeacha
an Gheimhridh. Ní féidir a bheith cinnte, ar ndóigh,
ach cé a shéanfadh gur sin an patrún atá
le feiceáil le bliain nó dhó anuas?
Cad é eile atá romhainn
más fíor do na heolaithe? Beidh sé níos
teo sa Samhradh; beimid ábalta suí amuigh níos
minice; nach iontach gur féidir táblaí amuigh
faoin aer a fheiceáil ag na tithe tábhairne i bhfad
níos minice ná mar a bhí? Ach beidh sé
níos fliche sa Samhradh i dTuaisceart na hÉireann
(agus níos tirime sa Deisceart). Cibé deacrachtaí
atá ag feirmeoirí inniu le talamh atá ar maos,
beidh sin amhlaidh go minic amach anseo.
Má athraíonn an aeráid,
tiocfaidh athrú ar líon na mbarraí atá
ar fás in Éirinn. Beidh arbhar indiach in Éirinn
le taobh torthaí mar phéitseoga agus neachtairíní.
Tiocfaidh athrú ar chineálacha éisc a cheapfar
san fharraige s’againne; imeoidh an trosc agus tiocfaidh an
t-ainseabhaí. Agus leis an aimsir the, tiocfaidh lotnaidí;
feicfear ciaróga Cholorado agus i bhfad níos mó
cineálacha sceartán, damhán alla nimheanta
agus scairpeanna. Seans fiú go dtiocfaidh na corrmhíola
a iompraíonn maláire.
Ní féidir linn a
bheith cinnte, ar ndóigh gur mar seo a bheidh cúrsaí;
tá cuid mhór éiginnteachta ag baint le heolaíocht
na haeráide. Tá eolaithe ann a deir gur i bhfad níos
fuaire a bheimid. Deir siad go leáfaidh oighre san aigéan
Artach agus go scriosfaidh an t-uisce fuar seo Sruth na Murascaille.
Iompraíonn an sruth seo uisce te ó chósta thoir
Mheiriceá Theas chugainn agus de thairbhe, bíonn an
teocht anseo in Éirinn thart fá naoi gcéim
Celsius níos teo ná mar a ba chóir. Má
theipeann ar an sruth seo, is soiléir gur níos fuaire
a bheimid.
Ach fiú muna bhfuil a fhios
againn go cinnte cad iad na hathruithe aeráide atá
ag teacht chugainn, tá a fhios againn go bhfuil athruithe
ag teacht agus nach mbeidh nósanna saoire nó cleachtaithe
talmhaíochta in Éirinn amach anseo mar a bhí
ag an mhuintir a bhí romhainn.
Sanas: Aeráid climate Ainseabhaí anchovy arbhar indiach maize ciaróga Cholorado Colorado beetles corrmhíola mosquitos lotnaid pest maláire malaria Neachtairíní nectarines Péitseoga peaches Scairpeanna scorpions Sceartán tick Sruth na Murascaille Gulf stream
back
to science homepage
|