ENVIORNMENT
Iaidín mar chosaint do mhuintir na hÉireann
/ Iodine used to protect the Irish
I láthair na huaire, tá
rialtas na hÉireann ag cur amach táibléid iaidín
chuig gach teach sa tír mar chuid de phlean éigeandála
náisiúnta in éadan taismí núicléacha.
Níl stáisiún cumhachta núicléach
ar bith in Éirinn agus ní thagann breosla núicléach
ar bith isteach sa tír. Ach tá aird an rialtais ar
Sellafield, an mhonarcha athphróiseála nach bhfuil
ach thart fá chaoga míle amach ó chósta
na hÉireann. Go nuige seo, bhí seans ann go dtarlódh
taisme agus bhí daoine den bharúil ariamh go raibh
dramháil núicléach á cur amach aici.
Ach ó tharla an feallionsaí ar an ionad trádala
domhanda i Nua Eabhrac tá contúirt i bhfad níos
mó ann go dtarlóidh an rud céanna do Sellafield.
Agus dá mbeadh an ghaoth san aird mhícheart agus fearthainn
os ár gcionn, d’fhéadfadh ualach trom radaighníomhaíochta
titim ar thalamh na hÉireann.

Le cois na dtáibléad,
tá comhairle tugtha amach ag an rialtas do shaoranaí
na hÉireann ó dheas agus b’fhéidir nár
mhithid dúinn anseo i dtuaisceart na tíre amharc orthu.
Má tharlaíonn astú radaighníomhaíochta
moltar:
Fan sa teach agus druid doirse
agus fuinneoga go ceann roinnt uair a chloig.
Éist le comhairle ón rialtas maidir le cibé
cineálacha bia atá sábháilte a ithe.
Glac táibléid iaidín má mholtar sin
(b’fhéidir nach gá sin a dhéanamh).
Cad é an eolaíocht
atá taobh thiar den chomhairle seo? Má phléascann
imoibreoir núicléach de thairbhe taisme (mar a tharla
i Chernobyl sa bhliain 1986) nó de thairbhe ionsaí
sceimhlitheora, astaífear roinnt substaintí radaighníomhacha.
Is ionann sin agus substaintí atá ag cur amach gathanna
radaighníomhacha ar a dtugtar alfa, béite nó
gama. Déanfar néal de na substaintí agus séidfear
sin ag an ghaoth. Má tharlaíonn fearthainn os cionn
an néil seo, titfidh na substaintí seo go talamh leis
an fhearthainn agus fágfar na cáithníní
radaighníomhacha ar dhuilleoga plandaí nó beidh
siad ar snámh san aer.
A bheag nó a mhór,
má bhuaileann na gathanna an corp ar an taobh amuigh, ní
dhéanfaidh siad dochar ar bith. Ach má ionanáiltear
nó má shlogtar na substaintí seo ar dhuilleoga
nó i bhfeoil ainmhí a d’ith na plandaí,
buailfidh na gathanna seo na cealla taobh istigh den chorp agus
tá seans ann go ndéanfaidh siad an oiread sin dochair
is go n-éireoidh na cealla ailseach. Sin an fáth go
moltar fanacht sa teach agus gan duilleoga áirithe a ithe.
Ceann de na substaintí a
astaítear i bpléascán den tsórt seo
ná iaidín radaighníomhach. Nuair a théann
iaidín isteach sa chorp daonna, cuirtear é chuig faireog
sa mhuineál ar a dtugtar an fhaireog thíoróideach.
Ach má fhaigheann an corp barraíocht iaidín,
rachaidh an fuílleach fríd gan stad. Sa dóigh
is nach dtuibhítear iaidín radaighníomhach
san fhaireog seo, ba cheart an oiread sin iaidín a ithe is
go dtéann cibé iaidín radaighníomhach
a ionsúitear fríd gan fanacht nó dochar a dhéanamh.
Sin an fáth gur cheart go mbeadh na táibléid
iaidín ag gach duine sa dóigh is gur féidir
leo iad a ghlacadh sula slogann nó sula n-itheann siad iaidín
radaighníomhach ar bith.
Bíonn cealla pháistí
níos íogairí na cealla an duine fásta
maidir le radaighníomhacht. Mar sin de, ba chóir déanamh
cinnte, má tharlaíonn tubaiste mar seo, go bhfaigheann
na páistí na táibléid ar aon nós.
Ach b’fhearr i bhfad, ar
ndóigh, muna raibh monarcha athphróiseála Sellafield
ann ar chor ar bith. Sin an cuspóir atá curtha roimhe
féin ag rialtas na hÉireann agus b’fhéidir,
lá éigin amach anseo nach gá dúinn a
bheith buartha fán a leithéid de thubaiste.
Sanas:
Athphróiséail reprocessing Cáithníní particles Dramháil núicléach nuclear
waste Faireog thíoróideach thyroid gland Iaidín iodine Íogair sensitive Ionánáiltear inhaled Ionsúitear absorbed Radaighníomhach radioactive Tuibhítear concentrated
Tuilleadh eolais: Radiological
Protection Institute of Ireland New Scientist
Archive
The BBC is not responsible for the content of external websites.
back
to science homepage
|