ENVIORNMENT
An
Iarmhairt Cheaptha Teasa / Greenhouse Effect
Is í an iarmhairt cheaptha teasa an bhagairt is mó ar thimpeallacht
an domhain agus ar chaighdeán maireachtála an chine dhaonna.
An rud is mó is cúis léi ná an t-astú
dhé-ocsaíde charbóin atá ag dul ar aghaidh
againne.
Tarlaíonn an iarmhairt mar
seo: tagann radaíocht teasa ón ghrian isteach tríd
an aer agus ionsúítear í ag dromchla an domhain.
Nuair a éiríonn an
dromchla te, astaíonn sé radaíocht teasa agus
téann an radaíocht seo amach go dtí an spás
arís. Go dtí ar na mallaibh, b’ionann ar an
mheán-mhéid, na rátaí aschurtha agus
ionsúcháin seo.
Ach le céad go leith bliain
nó mar sin, tá tiúchan dhé-ocsaíde
charbóin san aer ag dul in airde as siocair go bhfuilimid
uilig ag dó breosla sna tithe, sna monarchana agus sna stáisiúin
chumhachta. Níl tionchar ar bith ag an ardú tiúchana
seo ar an radaíocht - tá teas ag teacht anuas tríd
an aer ón ghrian ach gearann sé anuas go mór
ar tharchur na radaíochta a théann ón dromchla
amach go dtí an spás. Is ionann sin is go bhfuil dromchla
an domhain ag ionsú níos mó teasa ná
mar a bhí, agus mar sin de, tá teocht an dromchla
sin ag dul in airde go mall ach gan stad.
Beidh tionchar an-láidir
ag an iarmhairt seo ar aeráid an domhain. Leáfaidh
oighear san Antartach agus i ngach oighearshruth ar fud an domhain
agus ardóidh leibhéal na farraige. Báfar roinnt
tíortha agus cuid mhaith de chóstaí thíorthaí
eile. Ardóidh an mheán-teocht ar fud an domhain agus
de thairbhe sin, beidh athrach mór i bpatrúin thalmhaíochta
an domhain. Agus anseo in Éirinn, cé go mbeidh na
samhraí níos teo, beidh sé i bhfad níos
stoirmiúla agus níos fliche sa gheimhreadh.
An bhfuil leigheas ar an scéal
seo? Níl sa ghearr-théarma. Caithfimid éirí
cleachtaithe leis na hathruithe aimsire agus talmhaíochta
seo. Ach más mian linn an fhadhb seo a réiteach amach
anseo, caithfimid tosú anois. Caithfidh náisiúin
an domhain aontú le chéile agus gearradh anuas a dhéanamh
ar astú dhé-ocsaíde charbóin.
De réir na n-eolaithe, caithfidh
an gearradh anuas sin a bheith substaintiúil. Tá argóintí
láidre ag dul ar aghaidh idir na náisiúin fá
5% nó 3% i láthair na huaire agus níl aontú
ar bith eatarthu; ach má tá muid leis an fhadhb seo
a réiteach amach anseo, caithfidh muid teacht ar sheifteanna
le gearradh anuas 60% a dhéanamh. Is beag seans go mbeidh
an t-aontú sin ann go dtí go mbíonn an fhadhb
i bhfad níos measa ná mar atá i láthair
na huaire.
Sanas / vocabulary:
Aeráid climate Astú emission Dé-ocsaíd charbóin carbon
dioxide Dromchla surface Iarmhairt cheaptha teasa greenhouse effect Ionsúítear absorbed Oighearshruth glacier Tiúchan concentration
Tuilleadh eolais BBC
News Science New
Scientist
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|