ENVIORNMENT
Eolaíocht
na dTinte Ealaíne / The Science of Fireworks
B’iad na Sínigh a d’úsáid tinte ealaíne
don chéad uair. Breis agus míle bliain ó shin, bhí
siad ag teilgeadh roicéad san aer le cumhacht phúdair dhuibh.
Ba é sin meascán de níotráit photaisiam, fíoghual
agus sulfar agus nuair a loisceadh é, dhóigh sé agus
chothaigh sé go leor fuinnimh leis na roicéid a chaitheamh
san aer.
Ach ní raibh na tinte ealaíne
seo ró-chumhachtach, ró-gheal nó ró-éifeachtach.
Agus ní raibh de dhathanna ann ach buí agus oráiste.
B’iad na hIodálaigh a shocraigh ar dhóigh le
tuilleadh cumhachta a thabhairt do na tinte ealaíne tré
chlóráit photaisiam a chur leis an mheascán.
Chuir seo níos mó ocsaigine leis an dó agus
d’éirigh an t-imoibriú ní ba láidre.
Ach níor cuireadh dathanna
éagsúla leis na tinte ealaíne gur tháinig
an naoú céad déag nuair a d’fhionn ceimiceoirí
na dúile agus ansin na comhdhúile. Mhothaigh siad
gur astaigh na comhdhúile seo dathanna láidre agus
iad ag dó agus d’fhoghlaim siad an dóigh leis
na comhdhúile agus na pléascaigh a mheascadh.
Níor tháinig morán
athrú ar na tinte ealaíne ó shin. Seo cur síos
ar na dathanna a bhíonn sna tinte ealaíne agus na
ceimiceáin a tháirgeann iad:
Buí sóidiam
Oráiste clóiríd chailciam
Dearg clóiríd strontiam
nó carbonáit strontiam
Glas clóiríd bhairiam
nó niotráit bhairiam
Gorm clóiríd chopair
Le drithleoga bána nó
órga, úsáidtear iarann púdraithe nó
alúmanam púdraithe.
Dóitear sárchlóráit
photaisiam agus salaicioláit sóidiam le chéile
agus astaíonn siad gáis a dhéanann feadáil
scairteach.
Le pleascadh tobann a chruthú
dóitear tíotáiniam púdraithe; dónn
seo chomh gasta sin go dtagann trup an-láidir as.
Ach is mithid dúinn i gcónaí
cuimhneamh gur pléascaigh iad na tinte ealaíne agus
gur fearrde dúinn a bheith faichilleach agus sinne á
n-úsáid. Sa Bhreatain amháin, gortaítear
thart fá ocht gcéad duine gach bliain mar gheall orthu
agus i Meiriceá gortaítear tuairim is deich mile.
Ach má bhímid cúramach
leo, is ábhar phléisiúir iad na tinte ealaíne
dúinn uilig idir óg agus aosta; is beag radharc atá
ionchurtha le drithleoga ildaite ag pleascadh sa spéir.
Foclóir / vocabulary:
Astaigh to emit Carbonáit strontium strontium carbonate Clóiríd bhairiam barium chloride Clóiríd chalciam calcium chloride Clóiríd chopair copper chloride Clóiríd strontium strontium chloride Clóráit photaisiam potassium chlorate Comhdhúil compound Drithleoga sparks Dúil element Fíoghual charcoal Fionn discover Imoibriú reaction Níotráit photaisiam potassium nitrate Ocsaigin oxygen Salaicioláit soidiam sodium salicylate Sárchlóráit photaisiam potassium
perchlorate Tíotáiniam titanium
Tuilleadh eolais / For
more information: Pyrotechnics
- The Art of Fire
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|